Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ní sin an cheist a chuir mé. Cuirfidh mé an cheist arís. Tá an tAire Stáit ag rá go bhfuil €2 milliún faighte ag an údarás ón Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail. Tá an tAire Stáit ag bord an Rialtais in éineacht leis an Aire. Nach mbeadh sé i bhfad níos simplí ó thaobh an Rialtais de agus níos cinnte ó thaobh an údaráis de an €11.7 milliún a thabhairt dó ag tús na bliana díreach ó chiste an Stáit seachas é a chur ar seachrán go Roinn eile agus ansin go gcaithfidh an t-údarás dul ar a thóir agus a bheith ag guí go bhfaighidh sé an t-airgead. Tógfaidh pobail airgead ó áit ar bith as a dtiocfaidh sé. An cheist atá agam ó thaobh straitéis mhór an Rialtais ná, nach mbeadh sé níos straitéisí an t-airgead a thabhairt díreach don údarás? Mar sin bheadh sé aige ó thús na bliana agus bheadh sé in ann pleanáil i bhfad níos fearr seachas a bheith ag cur isteach ar chomórtais iomaíocha.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.