Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 March 2019
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Is cuma más ón údarás, ón Roinn Forbartha, Tuaithe agus Pobail, ón Roinn Gnó, Fiontar agus Nuálaíochta, nó ó Roinn an Taoisigh a thagann sé. Is cuma leo ach go bhfuil infheistíocht á déanamh i gceantair faoin tuath chun poist a chruthú agus deiseanna a chur ar fáil don cheantar. Is cuma le hÚdarás na Gaeltachta freisin cárbh as a dtagann an t-airgead ach go bhfuil an Rialtas ag cur airgead ar fáil. Tá an Roinn seo agus an tAire, Teachta Madigan, ag tacú liom chun breis acmhainní a fháil. Le linn athbhreithniú an bhuiséid chuir an Taoiseach breis acmhainní ar fáil d'Údarás na Gaeltachta. Táimid ag déanamh ár ndícheall breis acmhainní a chur ar fáil.
No comments