Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Tá an plean luaite sa phlean forbartha náisiúnta. Tá airgead luaite do gach uile bhliain don Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta. Braitheann sé ar an bpraghas agus má tá difríocht sa phraghas nach rabhamar ag súil leis, beidh orainn dul i dteagmháil arís leis an Roinn Caiteachais Phoiblí agus Athchóirithe. Tá an próiseas seo cosúil le haon togra eile. Mar is eol don Teachta, tá praghsanna ag ardú i ngach togra mar an gcéanna, agus is í sin an chaoi ina bhfuil rudaí faoi láthair. Teastaíonn an obair shuirbhéireachta uainn mar bhí obair déanta anuraidh, agus cé go bhfuil an cé nua sa chaladh mór, tá difríocht anois mar gheall ar an gcé sin ó thaobh na dtonnta agus rudaí mar sin. Caithfidh na comhairleoirí an obair a bhí déanta acu anuraidh a dhéanamh arís go dtí go mbeidh siad cinnte faoi cén chaoi a bhféadfaí dul ar aghaidh leis an togra sin. Tá an méid sin oibre ag dul ar aghaidh faoi láthair. Táimid ag íoc as an innealtóir agus tá siad i dteagmháil le comhairleoirí maidir leis an togra sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.