Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 March 2019
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Éamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An cheist atá agamsa anois ná go bhfuil sé all right a rá go bhfuil sé suas do na comhairleoirí, ach má thagann na comhairleoirí ar ais ag rá gur féidir cé den scoth a thógáil ach go gcosnóidh sé €150 milliún, cheapfainn go ndéarfaí nach bhfuil luach ar airgead air sin agus gur chóir dearmad a dhéanamh air. Mar sin, an bhfuil treoir airgid tugtha ag an Roinn nó cén cineál buiséid atá i gceist? Níl aon mhaith a bheith ag caint ar rudaí agus ag pleanáil rudaí nach dtarlóidh. Ag an am céanna, dhéanfadh sé an-leas go deo dá mbeadh an obair taobh istigh déanta, is é sin doimhniú a dhéanamh ar an áit taobh istigh, agus an bealach cosanta nó an tonnchosc a thógáil isteach. An bhfuil an Roinn fós ag breathnú ar an dá rud agus an bhfuil an t-airgead ag an Roinn chuige, fiú dá molfaí go ndéanfaí an rud taobh amuigh, agus go mbeadh an rogha sin go maith?
No comments