Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Táimid ag caint ar 2020.

Tá dhá cheist shonracha agam. I gcás Inis Meáin, tá na hoileánaigh ag iarraidh go ndéanfar an chuid is saoire agus is simplí den obair, is é sin tochailt isteach agus an tóch as a leanúint isteach i dtreo na tamhna, agus é a dhéanamh domhain dá réir istigh sa chalafort atá ann i láthair na huaire. Tá sé réasúnta éasca é sin a dhéanamh sa mhéid is nach uisce domhain atá i gceist. Creidim go bhfuil an chomhairle contae ag breathnú ar rud a bheadh i bhfad níos deacra a dhéanamh, is é sin chun dul amach san fharraige agus sa domhaine, agus an tonnchosc a chur amach. Bheifí ag ceapadh gur mhaith é sin a fhágáil go dtí arís, agus tabhairt faoin obair fíor-phráinneach atá le déanamh mar tá fadhb ollmhór ann mar nach dtéann an bád lastais ag an gcé sin ar chor ar bith, mar deir siad nach féidir leo tiontú taobh istigh. Má bíonn an aimsir go dona ar chor ar bith, ní théann siad ar chor ar bith go dtí an t-oileán agus tá tionscadail ar an oileán atá ag brath ar an gcé le lastas a fháil isteach, mar ní cheadaítear an lastas a thabhairt isteach ar na báid paisinéirí. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ar cé acu de na tionscnaimh atá i gceist: an ceann taobh istigh nó an ceann taobh amuigh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.