Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 March 2019
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Seán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source
Tá. Ó thaobh cé Inis Oírr, tá a fhios agam go bhfuil fás an-mhór ar na huimhreacha atá ag dul isteach go hInis Oírr agus an obair fós le críochnú. Tá faitíos ar mhuintir Inis Oírr maidir le sábháilteacht daoine ar an gcéibh. Ó thaobh an togra, tá athbheochan déanta ar an tionscadal. Arís tá an fhorbairt sin luaite sa phlean forbartha náisiúnta. Tá cead pleanála don fhorbairt faighte. Leanfaidh sé sin ar aghaidh faoi stiúir Chomhairle Contae na Gaillimhe. Leanfar leis an réamhobair maidir leis an bhforbairt. Cheadaigh mé airgead chun obair shuirbhéireachta a dhéanamh ar an togra sin. Tá an obair sin ag dul ar aghaidh faoi láthair. Cheadaigh mé thart ar €27,000 nó €28,000 chun an obair sin a dhéanamh chun gur féidir dul ar aghaidh leis an togra agus na doiciméid tairisceana a ullmhú. Tá sé ag dul ar aghaidh go céimiúil. Tá súil agam go mbeifear in ann obair a thosú an bhliain seo chugainn.
No comments