Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 6 March 2019

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

Photo of Seán KyneSeán Kyne (Galway West, Fine Gael) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach. Bhí deis agam le déanaí cuairt a thabhairt ar 7 Sráid Fhearchair chun breathnú ar an bhfoirgneamh, chun casadh le foireann Chonradh na Gaeilge, agus chun breathnú ar na pleananna atá ag an gconradh. Tá a fhios agam go bhfuil na pleananna á bplé le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath faoi láthair. Beidh siad ag dul ar aghaidh le cur isteach iarratas ar chead pleanála go luath. Tá an togra seo luaite sa phlean forbartha náisiúnta, NDP. Tá €4 milliún luaite leis. Is é an plean atá ag an gconradh ná é a cómhaoiniú le Comhairle Cathrach Bhaile Átha Cliath agus le Fáilte Éireann. Is plean iontach é. Tá a fhios againn go bhfuil an-stair ag baint leis an ionad sin ó thaobh Chogadh na Saoirse agus cúrsaí na tréimhse sin. Tá an-tábhacht ag baint leis an bhfoirgneamh. Táimid sásta go bhfuil an togra luaite sa NDP agus go mbeidh airgead ar fáil ó mo Roinn féin.

Tá an Roinn ag cur €75,000 isteach i Raidió Rí-Rá. Tá cruinniú le socrú leis an Aire, an Teachta Bruton, mar gheall ar mhaoiniú chun Raidió Rí-Rá a chraoladh ar FM. Phléigh mé an t-ábhar sin arís ag cruinniú le déanaí. Tá a fhios againn gur chas foireann an stáisiúin leis an iarAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil, an Teachta Naughten, nuair a bhí sé sa phost. Tá sí anois ag iarraidh casadh leis an Teachta Bruton chun ceisteanna maoinithe a phlé chun go mbeidh an stáisiún craolta ar FM.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.