Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 6 March 2019
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2019
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Tá seilbh ag an Aire Stáit chun freagraí a thabhairt dúinn. Tá súil agam go bhfuil loads of freagraí aige. Níor chuir mé aon cheist. Ní raibh mórán os mo chomhair ach ba mhaith liom fiosrú mar gheall ar mhaoiniú do na pleananna i gcomhair ardoifig Chonradh na Gaeilge. Bhí plean ag an gconradh roimhe seo agus tá plean nua aige anois chun athmhaisiú agus atógáil a dhéanamh ar chúl an fhoirgnimh. Is foirgneamh tábhachtach stairiúil é. Bhí sé i gceist go mbeadh an conradh chun an áit a dhéanamh slán sábháilte agus chun é a dhéanamh cinnte de go mbeadh sé nua-aoiseach.
Bhí ceist eile agam maidir le maoiniú do Raidió Rí-Rá agus a leithéid. An bhfuil aon airgead breise ag an Aire Stáit le tabhairt do thograí dá leithéid?
No comments