Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 18 December 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla
4:00 pm
Aengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ní gnáthcheist é seo a chuirim ar eagraíocht ach ní gnáthdhuine mise ach an oiread den chuid is mó. An bhfuil aon chabhair bhreise gur féidir linn nó eagras eile Gaeilge a thabhairt don ghníomhaireacht? Táimid tar éis gearán a dhéanamh le linn ár ndéileáil leis an ngníomhaireacht ach an féidir linn cuidiú a thabhairt don ghníomhaireacht? Tá an ghníomhaireacht tar éis a rá go bhfuil jab mór aici an bhliain seo chugainn plean a chur le chéile. Táimid anseo le cuidiú a thabhairt chomh maith le daoine a thabhairt isteach agus gearán a dhéanamh leo, nó cíoradh trí na cuntais, nó cibé rud. Táim ag tairiscint an chabhair sin don ghníomhaireacht agus ní gá léi ach an cheist sin a chur.
No comments