Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 18 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Seirbhísí trí Ghaeilge: Tusla

4:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an ngníomhaireacht. Tá Gaelchultúr ann agus tá obair na gcapall ar siúl ag an eagraíocht sin. Ba mhaith liom soiléiriú a fháil ón ngníomhaireacht le nóta a sheoladh chugainn, más féidir, tar éis an chruinnithe maidir le cé mhéad duine san fhoireann atá i mbun cúrsa nó an bhfuil aon duine ag freastal mar sin, agus cén sórt cabhrach atá ann do dhaoine atá ag iarraidh a leithéid, mar shampla, sibh féin. Tá gá le ceannaireacht a thaispeáint má tá an ghníomhaireacht i ndáiríre faoin nGaeilge, nach bhfuil?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.