Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 4 December 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Soláthar Oideachais lán-Ghaeilge: An Foras Pátrúnachta
4:00 pm
Mr. Caoimhín Ó hEaghra:
Tá pointe maith ag an Teachta maidir le dualgas na Roinne chun éileamh a chruthú in ionad éileamh a shásamh mar nach é sin polasaí an Stáit a fógraíodh i ráiteas i leith na Gaeilge in 2006? Aontaím leis an Teachta faoi sin. Tá sé leagtha amach i straitéis na Gaeilge go bhfuilimid ag iarraidh líon na gcainteoirí laethúil a mhéadú. Tá seasamh agus stádas ag an nGaeilge sa Bhunreacht, mar a dúirt an Teachta, tá polasaí ag an Stát atá leagtha síos i ráiteas i leith na Gaeilge, agus braitear go bhfuil dualgas ar an Roinn polasaí an Stáit a chur i bhfeidhm, mar atá ráite san Acht Oideachais. Dá bhrí sin, b'fhéidir in ionad a bheith ag freastal ar shásamh éilimh, ba cheart don Roinn a bheith ag cruthú an éilimh. Má bhreathnaímid ar chontaetha timpeall na tíre, i Ros Comáin, i gCábhán, i Sligeach agus i Longfort ar fad níl ach Gaelscoil amháin, mar shampla. Ní contaetha móra iad ach má tá duine ina chónaí sna contaetha sin nó contaetha eile nach bhfuil ann ach líon beag Gaelscoileanna, níl sé de rogha ag tuismitheoirí oideachas lán-Ghaeilge a chur ar a gcuid páistí mar tá sé rófhada ó bhaile agus níl sé praiticiúil.
I gContae Lú is Gaelscoileanna 2.5% de na scoileanna agus tá sé léirithe againne gur 26% an t-éileamh. I gContae na Mí, is Gaelscoileanna 7.4% de na scoileanna agus i mBaile Átha Cliath is Gaelscoileanna iad 7% de na scoileanna. Tá an céatadán i bhfad róbheag agus teastaíonn plean chun an rogha seo a thabhairt do thuismitheoirí. Tá an Stát ag feidhmiú chun scoileanna ilchreidmheacha a chur ar fáil. Mar sin cén fáth nach bhfuil plean ag an Roinn Oideachais agus Scileanna scoileanna lán-Ghaeilge a chur ar fáil? Is féidir leis na scoileanna lán-Ghaeilge a bheith ina scoileanna ilchreidmheacha. Tá a lán scoileanna ilchreidmheacha ag an bhForas Pátrúnachta. Déanaimid freastal ar an éileamh atá ansin agus tá sé díreach trí Ghaeilge.
Tagraím don Aire, an Teachta McHugh, an Roinn agus an méid a thuigimid uathu. Tuigimid go raibh cumarsáid idir an Roinn agus an Coimisinéir Teanga mar gheall ar an ngearán agus na cinntí a rinne sé i leith an phróisis pátrúnachta. Tuigtear dúinn go raibh siad ag moladh córas a d'fhéadfadh freastal ar an éileamh. Tá sé curtha in iúl acu gur gá comhairleoireacht a dhéanamh agus go bhfuil an cheist casta.
Tá a fhios againn, tá sé cloiste againn agus tá sé ráite ag an Aire, an Teachta McHugh, cé chomh báúil agus atá sé don Ghaeilge. Caithfidh mé a rá go bhfuil muinín ag an bpobal Gaeilge as an Aire agus tá súil againn go bhfeidhmeoidh sé air agus go leanfaidh sé ar aghaidh leis an méid atá déanta aige ar son na Gaeilge, ach is cheist fhíor phráinneach é seo mar tá faillí déanta le seacht mbliana nó ocht mbliana anuas ar thuismitheoirí a bhí ag lorg oideachas lán-Ghaeilge tríd an bpróiseas pátrúnachta seo. Tá faillí déanta i Marino-Droim Conrach cé go bhfuil sé le cur i gceart, le cúnamh Dé, an bhliain seo chugainn. Tá faillí déanta i nDún Laoghaire, i mBaile Pheiléid agus i ngach próiseas inar ghlacamar páirt agus inar léiríomar an t-éileamh agus nár bhronnadh scoil lán-Ghaeilge ar na ceantair sin.
Is ceist phráinneach í seo agus tá sé éasca go leor suí síos leis na páirtithe oideachais. Níl aon pháirtí oideachais, pátrún nó eagras bainistíochta ann nach bhfuil báúil don oideachas lán-Ghaeilge agus nach bhfeiceann na buntáistí as seo, ní hamháin do na páistí ach don tír, agus níl sé chomh casta sin an próiseas seo a leasú le cinntiú go mbeidh sé ann do 2019.
No comments