Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Soláthar Oideachais lán-Ghaeilge: An Foras Pátrúnachta

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Is é seo ceann de na rudaí is tábhachtaí ó thaobh na Gaeilge de agus is é sin tarrtháil na Gaeilge, ar shlí amháin i ndomhan atá ag athrú an-tapaidh. Tharla athrú tamall de bhlianta ó shin maidir leis an ratio daltaí agus ansin tháinig stop le haon scoileanna a bheith tógtha nó athraithe nuair a bhí an íseal brí san eacnamaíocht. Ansin tháinig an cinneadh is déanaí maidir le scoileanna ilchreidmheacha. Ní dheachamar riamh ar ais go dtí an ratio a bhí ann chun scoileanna Gaeilge a bhunú a bhí tairbheach don Ghaeilge. Ní cuimhin liom go díreach an figiúr a bhí ann ach thug sé deis do bhuíon tuismitheoirí nó díograiseoirí i gceantair teacht le chéile agus impí ar thuismitheoirí cinneadh a thabhairt go mbeadh a bpáistí á chur chuig an scoil. I mo cheantar féin níl aon Ghaelscoil in ainneoin go bhfuil breis is dosaen scoil Béarla. Má thógtar ceantair i mBaile Átha Cliath 8, 10 agus 12 nó fiú 20 san áireamh, níl ach scoil amháin lán-Ghaeilge, agus breis is 35 nó 36 bhunscoil Bhéarla. Níl aon fheachtas ann anois mar go raibh daoine in íseal brí nuair a bhí siad ag lorg áit do scoil lán-Ghaeilge i gCromghlinn ag an am.

Is dóigh liom go bhfuil sé deacair tuismitheoirí a mhúscailt dá réir. Chuir siad a gcreideamh agus a bhfuinneamh i bhfeachtas agus ansin tá siad ag rá ní tharlóidh sé. Tá a fhios agam go bhfuil sé difriúil anois agus aontaím go huile is go hiomlán leis an Uasal Ó hEaghra sa mhéid a dúirt sé ag an deireadh, is é sin go gcaithfidh athrú teacht, is léir, ón Roinn.

Leis an stocaireacht atá déanta ag an Uasal Ó hEaghra ar an gceist seo go dtí seo, an aithníonn sé go bhfuil aon athrú poirt ag an Roinn nó ag an Aire nua maidir lena dhéanamh cinnte de go mbeidh tús áite nó ar a laghad meas breise ar an ngá le Gaelscoileanna a bheith bunaithe seachas ag díriú i gcónaí ar scoileanna ilchreidmheacha a bhunú i gceantair?

Tá mise den tuairim go bhfuil dualgas difriúil ag an Roinn, ach níor éirigh liom a chur in iúl do dhaoine, gur chóir go mbeadh dualgas air ó thaobh an Bunreacht de, más Gaeilge an chéad teanga oifigiúil, éileamh a chothú seachas éileamh a shásamh maidir le Gaelscoileanna. Níl sé sin tar éis tarlú. Bíonn an Roinn ag déileáil le héileamh atá cothaithe, agus de réir na bhfigiúirí a thug an tUasal Ó hEaghra, níl siad sásta é sin a dhéanamh fiú.

Luaigh an tUasal Ó hEaghra ag an tús go mbeidh iarratas istigh do shlám mór nua de Ghaelscoileanna amach anseo. Cé mhéad atá i gceist? Tá a fhios agam go raibh dosaen roimhe seo. An bhfuil níos mó ceantair i gceist? Cé mhéad atá I mBaile Átha Cliath agus i gceantair eile timpeall na tíre?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.