Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 4 December 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Craoltóireacht Raidió agus an Ghaeilge: Plé

4:00 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Luaigh Dr. Walsh roinnt de na cláir a oibríonn go maith. D'fhéadfaí liosta dóibh a chur chuig na stáisiúin eile ag rá leo éisteacht leis na cláir sin mar ní éisteann siad lena chéile. Uaireanta mura bhfaigheann stáisiún duais don chlár ag deireadh na bliana, ní chloiseann na stáisiúin eile é agus ní bhíonn siad ag smaoineamh faoi conas a d'fhéadfaidís an duais sin a bhuacaint.

Dúirt mé gur scannal an méid a bhí ag RTÉ, ach an scannal eile atá sna nótaí a fuaireamar ó na finnéithe roimhe seo ná líon na stáisiún atá ag craoladh sa Ghaeltacht agus cé chomh beag agus atá an céatadán chraoladh Gaeilge iontu. Is scannal mór é sin, go háirithe nuair atá aitheanta againn cheana féin go bhfuil géarchéim sna Gaeltachtaí. Má tá 2% nó 0.25% den chraoladh trí Ghaeilge, is scannal mór é sin. Tá dualgas orainne ach go háirithe iad sin a phoibliú, ach mura bhfuil aon duine ag tabhairt preabadh dóibh chun a mhalairt a dhéanamh, leanfaidh siad leis, agus tá sé sin déanta acu, mar a dúirt na finnéithe. Níl an t-ualach sin orainn amháin ach tá sé ar na héisteoirí chomh maith, mar tá siad sásta glacadh leis.

Feicim líon na bhfógraí atá trí Ghaeilge. Tá a fhios agam go mbíonn fógraí as Gaeilge i rith Seachtain na Gaeilge, ach anois agus arís feicim fógraí ar an teilifís trí Ghaeilge agus bíonn sé spéisiúil. Is cuimhin liom go mbíodh feachtas ag Bord na Gaeilge ag moladh do RTÉ agus do chomhlachtaí fógraíocht a dhéanamh as Gaeilge agus gur éirigh le fógraíocht as Gaeilge. Mar chuid den taighde agus den obair amach anseo, b'fhéidir go bhféadfaí é a mholadh do dhuine éigin an feachtas sin a dhéanamh arís agus a rá go n-oibríonn fógraíocht trí Ghaeilge in Éirinn. Ní chaithfear é a dhéanamh go hiomlán trí Ghaeilge. Is féidir leis a bheith dátheangach agus b'fhéidir go gcuirfeadh sé sin le spéis a chruthú sa stáisiún féin. D'fhéadfaimislacáiste a thabhairt do chomhlachtaí atá sásta fógraíocht a chur isteach as Gaeilge chun iad a mhealladh.

Labhair Dr. Walsh faoi chláir atá déanta lasmuigh agus atá díolta nó urraithe. Tarlaíonn sé sin i TG4, mar shampla. Go hiondúil ní TG4 a dhéanann iad ach a thugann an struchtúr craolacháin dóibh. Má éistear lena lán cláir i mBaile Átha Cliath, ach go háirithe an nuacht, roinntear giotaí den nuacht as Béarla idir timpeall 20 stáisiún sa tír agus d'fhéadfadh an rud céanna a dhéanamh trí Ghaeilge, ach amháin go n-éireoimis braon de a bheith ag éisteacht leis an gclár céanna ag amanna difriúla ar stáisiúin dhifriúla timpeall na tíre. Mar a dúirt Dr. Walsh faoi Ghael Linn, d'fhéadfaí quiz deich nóiméad a bheith ar fáil ar airgead cuibheasach éasca dá mbeadh sé á dhéanamh do deich stáisiún timpeall na tíre. Is sin ceann de na féidearthachtaí amach anseo a d'fhéadfaimis a mholadh don earnáil phríobháideach, go ndéanfadh duine éigin cláir a chur le chéile agus iad a dhíol do na stáisiúin trádálacha.

Dírigh Dr. Walsh ar an todhchaí ag deireadh an cur i láthair. Bhí mé ag comhdháil mo pháirtí le déanaí agus bhí daoine ann ag caint faoi na hearnálacha nua, an tIdirlíon, na hardáin nua agus an t-athrú atá ann maidir leis na daoine óga. Tá sé deacair orainne a thuiscint uaireanta cé chomh suntasach agus atá an t-athrú sin. Ní gá ach féachaint ar dhéagóirí agus iad ag féachaint ar an teilifís mar tá siad ar an bhfón an t-am ar fad. Níl an teilifís nó aon rud eile ach ar siúl sa chúlra agus níl siad ag díriú uirthi in aon chor. An fiú stáisiún nua a bhunú? An leathnú é sin ar an gceadúnas atá ag stáisiúin atá ann agus atá beo iontu féin? Conas is féidir ceadúnas a thabhairt dóibh nó moladh a thabhairt dóibh díriú isteach ar na hardáin nua ar nós an Idirlín nó pé ardán atá á úsáid ag daoine óga?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.