Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta
6:45 pm
Ms Siubhán Nic Grianna:
I dtaca leis an rud a bhí á rá faoin monatóireacht, tá go leor den chlár oibre a bunaíodh - rinne an príomhfheidhmeannach cur síos air - á cheangal isteach leis a bplean gníomhaíochta cúig bliana den Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Mar is eol don choiste tá sé sin go léir ceangailte le spriocanna le bheith bainte amach thar tréimhse cúig bliana. Tá coiste stiúrtha bunaithe le monatóireacht rialta a dhéanamh air sin agus tá coiste comhairleach bunaithe freisin agus ar ndóigh beidh orainn a bheith ag tuairisciú, agus tuairisc scríofa a bheidh i gceist ansin, i dtaca leis an bplean gníomhaíochta sin agus leis na bearta a bhfuil an tÚdarás ceangailte leo. Tá beagnach dhá scór beart a bhfuil an tÚdarás ceangailte isteach leis. Baineann siad go léir le clár oibre an Údaráis, fad agus a bhaineann siad le cruthú fostaíochta chomh maith le pleanáil teanga.
No comments