Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta
6:35 pm
Mr. Micheál Ó hÉanaigh:
Cinnte agus tá réamhchainteanna ar siúl againn leis an ollscoil faoi seo i láthair na huaire. Ba mhaith leis an ollscoil go mbeadh muid páirteach agus ba mhaith linn a bheith páirteach ach ag an am céanna, tá roinnt mhaith oibre le déanamh sula bhféadfadh muid an dúshlán sin a ghlacadh orainn féin i gcomhthéacs an bhuiséid atá againn i láthair na huaire ach aithnimid go bhfuil buntáistí ann agus beimid ag tabhairt gach tacaíocht gur féidir linn ach ní bhféadfainn a rá ag an am seo go bhféadfaí a bheith ag braith orainn airgead a chur ar fáil dó.
Bheadh sé sin ina dhúshlán ró-mhór i láthair na huaire.
No comments