Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

6:35 pm

Photo of Aengus Ó SnodaighAengus Ó Snodaigh (Dublin South Central, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá na ceisteanna a d'ardaigh an Cathaoirleach ceart agus cóir. B'fhéidir gur féidir linne roinnt monatóireacht a dhéanamh amach anseo le chinntiú go dtiocfaidh an tÚdarás os ár gcomhair uair sa bhliain ionas go mbeadh an réimse ceisteanna seo ann arís agus go mbeidh an tÚdarás in ann a rá go bhfuil ag éirí leis agus go mbeidh sé ag cur obair inár dtreo chomh maith mar tá dhá thaobh ann. Tá an tÚdarás ag lorg go mbeadh muidne ag socrú breis airgid agus breis acmhainní, athruithe dlíthe agus a leithéid agus is féidir é sin a dhéanamh ar bhonn pearsanta but uaireanta bíonn sé níos fearr nuair a thagann an tÚdarás os ár gcomhair chun a rá go bhfuil ag éirí leis i réimse éigin mar léiríonn sé sin don gcoiste agus don saol go bhfuil ag éirí leis agus go bhfuil gá le breis airgid ionas gur féidir linn an chéad céim eile a thógáil. Tá a fhios agam gur tharla sé roimhe ach b'fhéidir go bhféadfaimis é seo a dhéanamh ar bhonn rialta agus dáta a aithint chun achoimre a dhéanamh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.