Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

6:35 pm

Ms Siubhán Nic Grianna:

Tá triúr oifigigh teanga fostaithe ag an Údarás a oibríonn go díreach leis na client comhlachtaí seo. Déantar nuashonrú ar na pleananna teanga de réir mar a théann an gnó ar aghaidh. Cuirtear tacaíocht ar fáil dóibh ó thaobh ranganna Gaeilge de agus ní hamháin sin ach tá eolas ar fáil dóibh i dtaca leis na fostaithe más mian leo freastal a dhéanamh ar na ranganna Gaeilge.

Don chuid is mó, tá na cliant comhlachtaí báúil agus déanann siad oiread agus is féidir leo. Cuirimid tacaíocht breise airgeadais ar fáil dóibh fiú, má tá siad ag aistriú ábhair le haghaidh suíomhanna idirlín, cuirimid béim faoi leith ar na comhlachtaí sin atá ag cur seirbhís dhíreach ar fáil don phobal. Tá siad sin thar a bheith tábhachtach mar go mbíonn siad ag plé go díreach leis an phobal. Fad agus a bhaineann sé le comhlachtaí eile, ní bheadh aon phlé acu leis an phobal ach bheadh siad ag fostú daoine ó na ceantair Ghaeltachta.

Is fiú a lua gur obair dhúshlánach é seo agus go mbíonn sé deacair ag na comhlachtaí teacht ar dhaoine a bhfuil na scileanna cuí acu agus ach go háirithe nuair a amharctar ar na réimse nua atá ag teacht chun tosaigh agus na hearnáile nua ar nós cógaseolaíocht, feistis leighis, déantas nideoige agus mar sin de, tá ardscileanna de dhíth le haghaidh sin agus bíonn sé deacair acu teacht ar dhaoine. Tá an tÚdarás ag tacú leis sin ar achan bealach. Déanaimid riarú ar an scéim clár na gcomhlachtaí trí na scoileanna Gaeltachta. Sin an clár junior achievement. Tá clár science, technology, engineering and mathematics, STEM, againn agus táimid ag cothú ceangal díreach leis na páistí sna scoileanna agus leis na client comhlachtaí atá againn. Is dócha go bhfuil an ceangal sin cothaithe leo agus nuair a théann siad tríd chúrsaí tríú leibhéal amach anseo, feicfidh siad go bhfuil post ansin i client comhlachtaí Gaeltachta dóibh.

Caithfidh mé a rá go bhfuilimid ag déanamh dul chun cinn. Déantar monatóireacht ar bhonn rialta agus don chuid is mó, tá na client comhlachtaí báúil dó, oiread agus is féidir leo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.