Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 14 November 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta
6:05 pm
Ms Siubhán Nic Grianna:
Luaigh an Teachta an earnáil chlosamhairc agus leanaimid orainn ag tabhairt tacaíocht do na client comhlachtaí a luaigh an tUasal Ó hÉanaigh níos luaithe. Táimid ag tacú le Nemeton i gcomhar le hInstitiúid Teicneolaíochta Phort Láirge le cinntiú go bhfuil cumasú á dhéanamh ar phobal na Gaeltachta san earnáil sin agus go mbeidh daoine ar fáil le Gaeilge amach anseo le bheith ag obair ann agus ar ndóigh tá go leor clients eile againn san earnáil sin chomh maith.
I dtaca leis na healaíona cruthaitheacha, táimid ag obair go mór. D'éirigh linn buiséad ceadaithe breise a fháil dár gcomhchomhlacht, Ealaín na Gaeltachta teoranta, le tabhairt faoi dhíriú ar chlár forbartha sna healaíona dúchasacha a chur chun cinn i measc óige na Gaeltachta, rud a bhfuil gá leis. Tá tacaíocht á cur ar fáil i gcúpla ceantar faoi láthair ach táimid ag iarraidh a chinntiú go mbeidh sé seo á sheachadadh ar fud na gceantar Gaeltachta. Is í an óige na healaíontóirí a bheas againn amach anseo.
Mar eolas don choiste, táimid ag obair i bpáirtnéireacht le Foras na Gaeilge, le TG4, leis an gComhairle Ealaíon, agus leis an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta ar straitéis a bheas le cur le chéile le díriú isteach ar fhorbairt na n-ealaíon Gaeilge agus Gaeltachta amach anseo. Beifear ag obair air sin agus ag forbairt na straitéise sna míonna amach romhainn. Is dul chun cinn suntasach é sin.
No comments