Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

6:05 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Bheadh muid in ann an-úsáid a bhaint as sin go cinnte. Mar a dúirt an Teachta, bhí figiúirí níos mó ná sin againn roimhe seo agus luaigh sé go bhfuil go leor réimsí a d'fhéadfadh muid páirt níos mó a ghlacadh ann cosúil leis na féidearthachtaí a bhaineann leis an oideachas. Níl aon dabht faoi. Táimid ag iarraidh a bheith ag obair i gcomhar leis na hollscoileanna agus na hinstitúidí teicneolaíochta maidir le cur i bhfeidhm na straitéise seo.

I láthair na huaire táimid ag cur airgead ar fáil do thograí shonracha do Institiúid Teicneolaíochta Phort Láirge, WIT, le cúrsa a reáchtáil le Nemeton agus do Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe-Maigh Eo, GMIT, le cúrsa a reachtáil do Europus. Tá roinnt cúrsaí shonracha bunaithe ag Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge atá bunaithe ar acmhainní dhúchais agus a leithéid.

Táimid i gcomhráite le hOllscoil na hÉireann, Gaillimh anois le cinntiú go bhfuil comhpháirtíocht láidir eadrainn maidir le cur i bhfeidhm na straitéise seo mar is acmhainn iontach í an t-acadamh a bheith lonnaithe sna ceantracha Gaeltachta. Tá na hinstitiúidí eile atá ag obair linn ar nós Institiúid Teicneolaíochta Leitir Ceanainn, GMIT, Institiúid Teicneolaíochta Trá Lí agus WIT lárnach dúinn.

Má thagann an seimeastar Gaeilge isteach sna ceantracha Gaeltachta, beidh sé sin mar bhuntáiste an-mhór do cheantracha cosúil le Carna, An Ceathrú Rua agus Gaoth Dobhair. Beidh Coláiste na hOllscoile Corcaigh ag déanamh a mhacasamhail i gCiarraí. Ní hamháin go mbeidh buntáistí cultúrtha ann ach beidh buntáistí eacnamaíocha an-mhór ann ag na hamanna sa bhliain a bhíonn na scoláirí seo lonnaithe sna ceantracha seo. Táimid ag súil go mór le go mbeidh sé sin in ann teacht ar an talamh agus go mbeidh an t-acadamh in ann é sin a chur i bhfeidhm. D'fháilteodh muid roimhe. Táimid ag iarraidh comhpháirtíocht an-mhaith a bheith againn le na hinstitiúidí sin agus táimid ag caint leo.

Tagraím don bhunstruchtúr. Tá an ceart ag an Teachta. Má thugaimid Tír Chonaill, tá feabhas iontach ag teacht ar na bóithre sa Ghaeltacht anois, an N56 mar shampla. Déanann sé difríocht an-mhór do na ceantracha Gaeltachta ach is é an fhadhb is mó atá ag Gaeltacht Thír Chonaill, i gcomónta leis an réigiún ar fad, ná an A5. B'shin míbhuntáiste an-mhór. Má théann duine isteach chuig comhlacht anois, an céad rud a luaidhfidh siad ná leathanbhanda ach tá na bóithre fós tábhachtach. D'fhéadfadh na bóithre is fearr in Éirinn a bheith taobh istigh de Ghaeltacht Thír Chonaill ach gan an A5 agus an ceangal sin go Baile Átha Cliath agus an A6 leis an gceangal go Béal Féirste, táimid in áit na leathphingine agus faoi mhíbhuntáiste mór.

Tá sé amhlaidh i go leor ceantracha Gaeltachta eile nach bhfuil na príomhbhóithre a thugann duine comh fada leis an gceantar ar chaighdeán maith. Tá an pobal faoi mhíbhuntáiste i gcomparáid le háiteanna eile sa tír.

Níl aon eolas fíorchruinn againn ar an méid chianoibrithe atá lonnaithe i gceantracha Gaeltachta faoi láthair ach táimid ag iarraidh teacht ar an eolas sin mar tá an cianoibriú mar chuid lárnach dár straitéis. Roimhe seo, bhíodh muid ag iarraidh na comhlachtaí a aistriú go dtí an Gaeltacht. Anois, más féidir linn na hoibrithe a aistriú go dtí an Ghaeltacht, tá na buntáistí againn go bhfuil na daoine sin ag obair sna ceantracha seo, ag tógáil a gclanna agus ag cur iad ar scoil agus ag caitheamh a chuid airgead sna ceantracha sin agus mar sin de. Táimid in ann na daoine sin a mhealladh mar gheall ar an gcaighdeán maith maireachtála atá againn sna ceantracha Gaeltachta. Chuige sin, táimid ag iarraidh a bheith cinnte go bhfuil na moil dhigiteach seo ag feidhmiú because even le daoine a bhfuil leathanbhanda maith sa bhaile acu, faigheann siad cabin fever scaití agus má bhíonn na háiteanna seo acu, b'fhéidir go mbeidh siad in ann casadh le daoine eile atá sa bhád céanna agus cuireann sé sin lena gcumas feidhmiú ar bhonn cianoibrithe. Tá sé sin lárnach dár straitéis.

Tagraím do acmhainní nádúrtha atá lárnach dár straitéis chomh maith. Tá tograí bunaithe ar an teanga, ar an gcultúr, ar thurasóireacht agus ar fhuinneamh in-athnuaite atá thar a bheith lárnach dár straitéis agus beimid ag cur an-bhéim orthu. Don mhéid airgead a bheidh ar fáil againn, beimid in ann breis luacha a bhaint amach ó thaobh na hacmhainní seo ach tá sé lárnach dár straitéis. Tógfaidh an tUasal Nic Grianna roinnt cheisteanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.