Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:35 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Tá na foirgnimh fíorthábhachtach dúinn. Bhí an Teachta ag lua go dtugann sé buntáiste dúinn nuair atáimid in iomaíocht le háiteanna, leis an domhan mór agus lé réigiúin eile. Nuair atá na foirgnimh againn tugann sé tús maith dúinn. Tá comhlacht Randox againn ar an gClochán Liath faoi go raibh foirgneamh againn agus tá comhlacht de chaighdeán domhanda againn anois atá in ann an foirgneamh sin a ghlacadh agus dul i mbun oibre ansin go héasca. Faoi gur acmhainn an-mhór iad is dúshlán an-mhór iad mar tá an stoc an-sean an tráth seo. Luaigh mé an chothabháil leanúnach nuair a bhímid ag caitheamh €3 mhilliún sa bhliain dár n-airgead reatha ar chothabháil leanúnach na díonta agus na draenacha a choinneáil i gceart agus gach rud mar sin, agus na heastáit a choinneáil in ord.

Nuair a thagann togra chugainn agus nuair a bhímid ag iarraidh pacáiste a chur ar fáil, ní hé rud mór na deontais agus na scaireanna. Is é an rud mór a chinntiú go bhfuil na foirgnimh i gceart. Bíonn orainn na foirgneamh a thabhairt chun caighdeáin. Go minic, is foirgnimh iad sin a bhí déanta le haghaidh seantionscal agus tá na réimsí nua ag dul isteach iontu anois. Rudaí a bhí ansin le haghaidh seantionscail nó údair thionsclaíocha, tá siad anois ann le haghaidh na teicneolaíochtaí nua agus spás oifige ag teastáil, agus bíonn orainn infheistíocht mhór a dhéanamh. Téann cuid mhór dár mbuiséad caipitil bliantúil leis sin. Is maith an rud é go bhfuil na foirgnimh sin againn agus tá sé lárnach dár straitéis. le daoine a mhealladh isteach.

Chomh maith leis sin, daoine a thosaíonn ar scála beag sa Ghaeltacht, bíonn siad ag fás isteach sna foirgnimh mhóra chomh maith. Tá samplaí maithe díobh sin againn de dhaoine a thosaíonn ar scála beag agus a fhásann agus a théann ar aghaidh.

Maidir le fuinneamh, amach anseo, má tá fuinneamh saor againn tabharfaidh sé buntáiste dúinn, níl aon amhras faoi sin. Má bhreathnaítear ar Páirc na Mara, i nGaillimh, táimid ag díriú isteach agus ag iarraidh páirc ghlas a dhéanamh di. Táimid ag díriú i láthair na huaire ar theicneolaíocht fhótavoltach, mar tá teicneolaíochtaí ann anois a ligeann dúinn i bhfad níos mó fuinnimh a bhaint as an ngrian in Éirinn anois ná mar a bhí ag na seanteicneolaíochtaí. Táimid tosaithe cheana féin le togra píolótach ar Pháirc na Mara faoi bhonn fótavoltach.

Táimid páirteach i dtaighde le hinstitiúid Teicneolaíochta Leitir Ceannainn maidir le fuinneamh tonnta agus tá súil againn togra píolótach a chur Cho na Maol Rauidg go luath faoi chlár Eorpach.

I dtaobh na gaoithe táimid ag súil go mbeidh na teicneolaíochtaí ag teacht le go mbeidh na cineálacha muilte gaoithe atá i Muir na hÉireann i láthair na huaire a chur deich nó dhá mhíle dhéag amach ó chósta an iarthair agus go mbeimid in é sin a thabhairt i dtír. Tá a fhios agam go bhfuil na teicneolaíochtaí sin á bhforbairt i láthair na huaire. Tabharfaidh sé sin buntáiste dúinn.

I dtaobh na teicneolaíochtaí digiteacha-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.