Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:35 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Gabhaim buíochas leis an gCathaoirleach, leis an bpríomhfheidhmeannach agus leis an Uasal Nic Grianna, an t-oifigeach cumarsáide. Tá lúcháir orm go bhfuil siad anseo agus tá cur i láthair maith chuimsitheach go leor déanta ansin acu ar na spriocanna atá ag an Údarás agus ag an bplean straitéiseach.

Tá roinnt ceisteanna agam i dtaca leis an bplean. Má tá duine chun aon sprioc a bhaint amach, caithfear plean a bheith aige nó aici. Tá sé soiléir go bhfuil plean maith ag an Údarás. Tá a fhios agam go raibh an tÚdarás buailte go dona ó thaobh airgead de agus an cúnamh a bhí ar fáil ón Rialtas nuair a tharla an ghéarchéim. Tá biseach tagtha air sin, buíochas le Dia. Ag an am céanna nuair a amharctar agus nuair a dhéantar comparáid ar fhigiúirí IDA agus Fiontar Éireann ó 2007 go dtí 2017, tá ardú 22% ar bhuiséad an údaráis sa tréimhse sin, agus tá súil agam go bhfuil an uimhir sin cruinn agam. Sa tréimhse chéanna, tá ardú 66% ar bhuiséad an IDA, agus 45% ar bhuiséad Fiontar Éireann. An bhfuil comhartha ceiste ansin i dtaca leis an bhfigiúr sin? An bhféadfaí níos mó airgid a bheith ar fáil ag an Údarás chun cur ar fáil i dtaobh deontas le comhlachtaí a mhealladh agus níos mó poist a chruthú i gceantair Ghaeltachta?

Ó thaobh an bhaic is mó le go ndéanfaí comhlachtaí a mhealladh faoi láthair, rud a rinne an Teachta Ó Snodaigh tagairt dó ansin, is é go bhfuil na ceantair Ghaeltachta i bhfad ó Bhaile Átha Cliath agus ó cheantair lár na tíre. Is bac é sin. An bhfuil an leathanbhanda, ar a bhfuil go leor plé déanta le roinnt blianta anuas, ag cruthú deacrachtaí i gceantair Ghaeltachta? Tá a fhios agam go bhfuil go leor oibre déanta ag an Údarás maidir leis an leathanbhanda a chur ar fáil sna hionaid ghnó, ach ó thaobh daoine féinfhostaithe agus ag obair as baile, an bhfuil an tseirbhís leathanbhanda sin ag cruthú deacrachtaí sna ceantair Ghaeltachta chomh maith?

Cuirim fáilte láidir roimh an sprioc fhostaíochta de 1,500 sa bhreis suas go dtí 2020 agus go bhfuil an sprioc sin á baint amach ag an Údarás. Tá an tríú cuid de na poist sin beagnach bainte amach i mbliana. Ó thaobh na sprice sin, an bhfuil an plean leagtha amach go sonrach i dtaca leis an áit a mbeidh na poist sin lonnaithe? Cén réigiún ina mbeidh siad? An mbeidh siad sa tuaisceart nó i gceantar na Gaillimhe, mar shampla? Cén cineál poist is mó atá á mealladh? Tá a fhios agam go mbraitheann sé sin ar na comhlachtaí a dhéanann teagmháil leis an Údarás nó an sruthú atá ar fáil ag an Údarás féin.

Ag an am céanna, an bhfuil sprioc earnála do phoist atá níos ardchaighdeánaí? Tá plé déanta agam faoi láthair le príomhfheidhmeannaigh comhlachtaí airgeadais atá lonnaithe i Londain agus tá siadsan ag iarraidh go láidir teacht go Baile Átha Cliath le bheith lonnaithe anseo, go háirithe leis an bhfadhb le Brexit faoi láthair. Cé go bhfuil an IDA ag cur tacaíocht mhaith ar fáil do na comhlachtaí seo á thaobh fiosrúcháin agus gach uile rud, is é an trioblóid mhór atá acu, faraor, agus is í an fhadhb is mó ná áit chónaithe do na fostaithe. Tá go leor de na comhlachtaí seo ag teacht le bainistíocht ag leibhéal ard a bheadh sásta teacht isteach agus a bheith ag fostú daoine sa bhreis anseo. An bhfuil aon teagmháil déanta ag an Údarás leis na comhlachtaí sin agus an bhfuil deis ansin, i mbarúil an Uasail Uí hÉanaigh? An mbeadh an tÚdarás in ann dul i dteagmháil le cuid de na comhlachtaí sin chun é sin a phlé amach?

Ó thaobh Brexit nó Breatimeacht, tá go leor plé air le lá nó dhó anuas. Cén tuairim atá ag an Údarás maidir leis an tionchar a bheidh ag an Breatimeacht, go háirithe ó thaobh cúrsaí easpórtála isteach go dtí margadh Shasana?Níl mórán eolais agam faoi ach an bhfuil teacht againn anois ar an teicneolaíocht gur féidir linn fuinneamh a chothú as na tonnta, as an bhfarraige, níos mó no an bhfuilimid fós ag feitheamh ar uasdátú na teicneolaíochta go dtí go mbeidh sé níos saoire? Má tharlaíonn sé sin, tá deis an-mhór againn sa chuid is mó de na ceantair Ghaeltachta atá san iarthar, agus go mbeadh fuinneamh saor nó níos saoire ná atá sé sa chuid eile den tír á chothú againn. Measaim gur féidir linn na daoine a mhealladh ar ais, má tá poist ann agus saol iomlán difriúil acu ó shaol na cathrach acu. Bíonn daoine ag cur na ceiste sin ormsa anois is arís ormsa atá gafa ar liosta feithimh tithíochta sa chathair seo, is é sin, conas ar féidir linn bogadh siar no an bhfuil áiteanna ann nó deiseanna ann dúinn?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.