Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:05 pm

Mr. Micheál Ó hÉanaigh:

Táimid fíorbhuíoch as an deis seo a bheith againn cur síos a dhéanamh ar ár straitéis don tréimhse ó 2018 go 2020. Tá Údarás na Gaeltachta freagrach as forbairt eacnamúil sóisialta agus cultúrtha na reigiún Gaeltachta in Éirinn. Is é an príomhchuspóir atá againn ná go mbeadh muid ag caomhnú an daonra Gaeltachta agus ag cothú pobail labhartha Gaeilge sna ceantair sin. Lárnach i seo ná an obair a bhíonn ar siúl againn le fostaíocht a chruthú le cur ar chumas daoine fanacht sna pobail seo agus maireachtáil iontu. Clúdaíonn an straitéis atá á chur i bhfeidhm againn le beagnach bliain anuas an tréimhse ó 2018 go 2020. Tá dhá mhórthéama ag baint leis an straitéis sin. Baineann an chéad cheann, an ceann is tábhachtaí, leis an nGaeilge. Tá sé mar phríomhchuspóir againn tacú le, agus forbairt a dhéanamh ar, acmhainní teanga, pobail agus cultúrtha na Gaeltachta chun go mbeidh an Ghaeilge agus pobal na Gaeltachta á gcur chun cinn agus á dtreisiú chun pobal labhartha Gaeilge níos láidre a chothú. Is í an bhunaidhm ansin ná an Ghaeltacht a neartú agus a shaibhriú tríd an straitéis seo.

Baineann an mórthéama eile atá againn le nualaíocht agus fiontraíocht. Táimid ag obair chun nualaíocht agus fiontraíocht a chur chun cinn le go mbeadh eacnamaíocht fiontar-bhunaithe le deiseanna fiontraíochta agus fostaíochta á cruthú, eacnamaíocht a déanfaidh cumasú ar lucht saothair na Gaeltachta. San obair seo, táimid ag cur béim ar leith ar na hacmhainní nádúrtha saibhre atá sna ceantair Ghaeltachta. Feicimid go bhfuil iad seo fíorthábhachtach ó thaobh forbairt inbhunaithe nó inmharthanach a chruthú.

Táimid ag díriú anseo ar ár straitéis féin ach is ceart a rá go bhfuilimid ag obair i gcomhtheács straitéisí agus pleananna eile atá i bhfeidhm ar bhonn náisiúnta. B'fhéidir gurb é an príomhcheann ná an gníomhphlean don Ghaeilge don tréimhse ó 2018 go 2022 atá mar chuid den straitéis 20 bliain don Ghaeilge. Tá an Plean Gníomhaíochta Fostaíochta, the Action Plan for Jobs, ann ina bhfuil spriocanna ar leith leagtha síos dúinn ó thaobh cruthú fostaíochta. Tá sé mar a chéile leis an bPlean Gníomhaíochta d'Fhorbairt Tuaithe. Arís tá spriocanna leagtha síos dúinn ann. Tá rudaí eile ann ar nós Food Wise 2025; the national bioeconomy policy; Harnessing Our Ocean Wealth, plean atá fíorthábhachtach dúinn ó thaobh acmhainní mara de; agus Project Ireland 2040. Tar éis go bhfuil ár straitéis féin againn ina bhfuilimid ag díriú ar cheantair Ghaeltachta, tá sé an-ábhartha i gcomhthéacs na straitéisí náisiúnta seo chomh maith.

Maidir leis an obair atá ar siúl againn agus muid ag dul isteach sa tréimhse seo den straitéis nua, ag deireadh na bliana seo caite bhí 6,503 post lánaimseartha ar an talamh i gnólachtaí a bhí tacaíocht faighte acu ó Údarás na Gaeltachta. Bhí 606 post páirtaimseartha sna gnólachtaí seo chomh maith. Ar an mapa atá ar an scaileán, feicfidh an coiste an chaoi ina bhfuil na jabanna scaipthe thar na réigiúin éagsúla: 2,193 i nDún na nGall; 648 i Maigh Eo; 2,933 i nGaeltacht na nGaillimhe; 688 i nGaeltacht Chiarraí; 684 i nGaeltacht Chorcaí; 138 i nGaeltacht Phort Láirge; agus 219 i nGaeltacht an Mhí. Tá sé tábhachtach a rá, agus muid ag caint ar acmhainní a chur ar fáil don Ghaeltacht, nach bhfuil aisíoc cultúrtha agus teanga amháin ag teacht ó obair Údarás na Gaeltachta, ach aisíoc ó thaobh an taoibh eacnamaíochta de. Tá an chuid is mó de na chomhlachtaí - 70% acu - ag fostú deichniúr nó níos lú. Tá figiúir againn a fuair muid ón Roinn atá bunaithe ar ghníomhaíochtaí na bliana anuraidh sna comhlachtaí a fhostaíonn deichniúr nó os a chionn. Sna comhlachtaí sin in 2017 bhí díolachán de €844 milliún. Go suntasach-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.