Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 14 November 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Plean Straitéiseach Údarás na Gaeltachta 2018 - 2020: Ionadaithe ó Údarás na Gaeltachta

5:00 pm

Photo of Catherine ConnollyCatherine Connolly (Galway West, Independent) | Oireachtas source

Ar a laghad feiceann Údarás na Gaeltachta chomh deacair is atá sé. Níl sé sin ar an taifead because níl aon taifead ann. Déanfaidh mé iarracht deireadh chun tús a chur leis an gcruinniú. An bhfuil an t-aonad craolacháin ag éisteacht? Táimid anseo. Tá dualgas orm a chur in iúl cén fáth go bhfuil an cruinniú chomh deireanach sin. I dtús báire bhíomar ag fanacht ar chóram. Tá a fhios agam go bhfuil Teachtaí agus Seanadóirí thar a bheith gnóthach agus go raibh vótáil ar siúl sa Seanad ag an am céanna. Sin cuid den fhadhb. Ba í an fhadhb eile ná go raibh deacrachtaí, agus ní thuigim cén fáth, leis an gcóras craolacháin. Níl a fhios agam an raibh an fhadhb ansin ó thaobh na Gaeilge de. B'fhéidir nach dtuigeann an t-aonad craolacháin í. Tá sé á rá domsa go bhfuil fadhb ó thaobh na Gaeilge de agus nach dtuigeann na daoine atá i gceannas ar an gcóras craolacháin an Ghaeilge. Ar a laghad tá tús curtha leis an gcruinniú anois agus tá córam againn.

Cuirim céad míle fáilte roimh Údarás na Gaeltachta. Is iontach go bhfuil a ionadaithe anseo chun cur i láthair á dhéanamh toisc go bhfuil obair an údaráis thar a bheith tábhachtach do na Gaeltachtaí uilig. Cuirim céad míle fáilte roimh Mícheál Ó hÉanaigh agus Siubhán Nic Grianna. Tá rud beag le déanamh agam maidir leis an Acht um Chlúmhilleadh. Tá orm é a léamh amach más féidir leis na finnéithe a bheith foighneach.

Ba mhaith liom a chur ar aird na bhfinnéithe go bhfuil, de bhua alt 17(2)(l) den Acht um Chlúmhilleadh 2009, finnéithe faoi chosaint ag lánphribhléid maidir leis an bhfianaise a thabharfaidh siad don choiste seo. Má ordaíonn an coiste dóibh, ámh, éirí as fianaise a thabhairt i leith ní áirithe agus má leanann siad dá tabhairt amhlaidh, ní bheidh siad i dteideal dá éis sin ach pribhléid cháilithe i leith a gcuid fianaise. Ordaítear dóibh gan fianaise a thabhairt ach amháin fianaise a bhaineann le hábhar na n-imeachtaí seo agus fiafraítear díobh cleachtadh parlaiminte a urramú nár cóir, más féidir, daoine ná eintiteas a cháineadh ná líomhaintí a dhéanamh ina n-aghaidh, ina n-ainm, ina hainm nó ina ainm ar shlí a bhféadfaí iad a aithint. Ba mhaith liom na finnéithe a chur ar an eolas freisin go ndéanfar na ráitis tionscnaimh seo a gcuirfear faoi bhráid an choiste a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an choiste tar éis an chruinnithe seo.

Meabhraítear do chomhaltaí an cleachtadh parlaiminte atá ann le fada nár chóir dóibh tuairimí a thabhairt maidir le duine atá taobh amuigh de na Tithe nó maidir le hoifigeach ina ainm, nó ina hainm, ar shlí a bhféadfaí iad a aithint.

Sin mo chuid. Is féidir leis an Uasal Ó hÉanaigh tús a chur leis a chur i láthair. Tá an ráiteas tosaigh againn go léir.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.