Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
5:45 pm
Peadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source
Ag teacht isteach ar an bpointe sin, tá sé ráite domsa, ó theaghlach le fíor-Ghaeilge dúchais, nuair a théann an páiste isteach go dtí an naíonra, tagann sí abhaile le Gaeilge lofa uaireanta mar go bhfuil siad ag meascadh le páistí eile nach bhfuil go leor Gaeilge acu nó go bhfuil Gaeilge ar chaighdeán íseal acu agus nuair a bhíonn daoine ag cumarsáid le chéile, bíonn siad ag teacht ar chomhcéim i gcónaí. Tá sé sin fíor le páistí freisin. Faigheann siad an common denominator i gcónaí. Is ceist tábhachtach é mar tá a fhios againn féin, mar gheall ar an nGaeltacht, go bhfuil muid i gcónaí ag caint faoi fhorbairt tithíochta nua agus an tionchar a bhíonn ag an rud sin ar an nGaeltacht agus cé comh fada agus a maireann an Gaeltacht agus má tá teach tábhairne ann agus má tá deichniúr thuas ag ól pionta agus má thagann cúpla daoine isteach gan aon Gaeilge ar chor ar bith, iompaíonn an teanga go dtí an Béarla uaireanta mar níl daoine ag iarraidh a bheith drochbhéasach. Is ceist dheacair í. Tá gach duine den mheon go bhfuil sé go hiontach go mbeadh gach duine meascaithe le chéile go neodrach ach freisin caithfimid an Ghaeilge a chosaint agus na cainteoirí dúchasacha a chosaint chun go mbeidh an rud is annamh atá ann anois in ann maireachtáil go deo.
No comments