Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:35 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Feictear domsa nach bhfuil aon fhreagra simplí i gceist faoi mheascadh nó gan mheascadh. Is daoine fásta muidne, agus má théimid amach agus má tá triúr no ceathrar inár gcomhluadar agus gan aon Ghaeilge acu, cuirfidh mé geall go mbeidh muid ag caint an Béarla leo, ní hamháin go n-iompóimid ar Bhéarla ag caint leo ach iompóidh an comhrá ar fad ar Bhéarla. Caithfimid a bheith réalaíoch faoi seo. Is dóigh liom gurb é sin an dúshlán atá ann agus is bunú nósmhaireacht teanga inár n-aghaidh ná an dúshlán atá anseo. Thug mé faoi deara é le gasúir a bhfuil Gaeilge acu ó dhúchais. Níl aon gasúir ar aois 13 bhliain sa tír seo nach bhfuil Béarla acu. Más rud é go bhfuil, cuireadh faoi ghlas in áit éicint iad agus gan aon teilifís nó aon ghaolta a bheith ceadaithe dóibh. Tugaim faoi deara nuair a tógadh iad leis an dá theanga - tá gasúir an-chliste - má tá an teanga acu labhróidh siad Gaeilge le gasúir a bhfuil aithne acu orthu. Níl aon fhadhb ansin acu. Mura bhfuil is tríd rud éicint a d'fhoghlaim siad ar an teilifís. Aon am a chasann siad le gasúir amuigh ar an tsráid agus gan aon Ghaeilge acu agus Béarla acu féin, céard a ndéanann siad? Iompaíonn siad ar an mBéarla just mar sin. Níl aon fhadhb ag gasúir mar is é an cás céanna dóibh é. De réir mar a thuigim an dúshlán nó an cheist atá ann go gcaithfimid aghaidh a thabhairt air agus é a phlé go hoscailte. Má thógtar scór gasúir, deichniúr le Gaeilge ó dhúchais agus deichniúr le Béarla amháin, beidh Béarla ag an dream le Gaeilge ó dhúchais agus ná habair éinne liom nach bhfuil agus má chuirtear iad leis an dream le Béarla amháin, eatarthu féin beidh an Béarla mar theanga comónta. An fhadhb leis sin a fheicim ná, go hiondúil an teanga a thosaíonn duine ag labhairt le duine eile, leanann siad leis. Má thosnaíonn daoine ag labhairt Béarla le chéile, leanfaidh siad ag labhairt Béarla.

Feictear é sin go mór le daoine fásta agus feicim daoine áirithe nach smaoiníonn siad ar Bhéarla a labhairt leo. Tá daoine áirithe a bhfuil Gaeilge acu agus nach labhróidh Gaeilge go ginearálta leo mar ní mar sin a chas siad.

An cheist atá agam ná cé mhéad plé atá ar bun. Níl mé ag iarraidh go ndéarfadh na finnéithe go bhfuil freagra simplí ann, ach cé mhéad plé, taighde agus obair atá ar bun le teacht ar fuascail na faidhbe seo, sna Gaeltachtaí is láidre sa tír, mar ní dóigh liom go bhfuil réiteach nó foirmle simplí ann? Mar shampla, tá cuid againn anseo a labhraíonn Gaeilge eadrainn féin, ach tá daoine eile le Gaeilge sa Teach seo agus caithfidh mise a admháil gur Béarla an cleachtas atá ann labhairt leo siúd. Mar sin, agus muidne mar daoine fásta ag déanamh é, an bhfuil éinne i ndáiríre á rá go bhfuil gasúir 14 bliana d'aois ag dul ag déanamh cinneadh polasaí nach labhróidh siad aon Bhéarla le duine nach bhfuil aon Ghaeilge acu?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.