Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:35 pm

Ms Mairéad Mac Con Iomaire:

Más féidir liom teacht isteach ansin ó thaobh na heagraíochta Comhar Naíonraí de, an polasaí a bhí ag Comhar Naíonraí ariamh ná go ndéanfaí grúpáil ar pháistí ó chuile gné agus gníomhaíocht de obair an naíonra agus teanga san áireamh mar is i nGaeilge amháin a fheidhmítear seirbhísí Chomhar Naíonraí na Gaeltachta, CNNG: ní in aon teanga eile ach an Ghaeilge, gan cheist. Le tacú chun na páistí maidir leis an nGaeilge, a gcéad teanga - braitheann sé ar cé mhéad páistí a bhí sa tseirbhís - tógfaí iad mar ghrúpaí páistí le chéile, go ndéanfaí an rud céanna leis na páistí a bhí ag sealbhú na teanga agus sin é an fáth gur thug muid amach scéim pleanála teanga borradh, le go mbeadh deis saibhriú agus sealbhú teanga ó thaobh na bpáistí de. Bhí sé sin fíor ó thaobh grúpaí de. Tá a fhios agam go raibh an t-uafás ráflaí amach faoin eagraíocht sa phobail ach an rud a bhí ann ariamh agus an rud ab fhearr liom, má bhí dhá sheirbhís á rith le chéile, d'fhan siad mar ghrúpa. Abair go raibh dhá sheirbhís á rith le chéile agus go raibh 22 páistí i ngach aon seirbhís agus gur 19 cainteoirí dúchais a bhí ann, ansin cuirfí iad sin le chéile ó thaobh saibhre de agus an méad cainteoirí maithe Gaeilge in éineacht leo ach is sin ar son na bpáistí agus bheadh meascán ann tríd an lá ar rudaí eile.

Tá polasaí teanga Comhar Naíonraí anseo agam. Níl a fhios agam ar mhaith leis an gcoiste go léifinn píosa dó nó go léifinn é ar fad ach seo é an polasaí atá ag an eagraíocht ar fud na seirbhíse atá muidne ag feidhmiú sna ceantair Gaeltachta mar sin léifidh mé é:

Is trí Ghaeilge ar fad a reáchtálfar seirbhísí CNNG. Is Gaeilge amháin a laibhrófar sa Naíonra i gcónaí leis an páistí, na tuismitheoirí agus idir baill foirne Naíonra. Is i nGaeilge a reachtálfar cruinnithe coiste agus cruinnithe uile na seirbhíse. Mura bhfuil tuiscint ag duine/daoine ar an teanga, déanfar gach uile rud a thiteann amach ag an gcruinniú a mhíniú ina dhaidh don duine/do na daoine ach an teanga i gceist a bheith ag an té atá ag reachtáil an chruinnithe.

Molfar do thuismitheoirí/caomhnóirí nach bhfuil ag tógáil a bpáiste le Gaeilge iarracht a dhéanamh suim agus spéis a léiriú sa Ghaeilge i na bealaí seo a leanas 1. Má tá an Gaeilge ar a t(h)oil ag duine amháin de thuismitheoirí/chaomhnóirí an pháiste, moltar don teaghlach cinneadh a dhéanamh ar mhaithe leis an bpáiste go labhróidh an duine sin Gaeilge leis an bpáiste ag amanna áirithe gach uile lá agus ar an mbealach chuig agus abhaile ón Naíonra

2. Más ar bheagán Gaeilge, nó gan aon Gaeilge tuismítheoirí/caomhnóirí an pháiste, moltar dóibh iarracht a dhéanamh a bheith páirteach agus tacú lena bpáiste trí:
- Rainn/amhráin de chuid an Naíonra a chleachtadh i gcuideachta an pháiste. Is féidir de na hamhráin/rainn a bhíonn á gcleachtadh ag na páistí sa Naíonra a fháil ón Stiurthóir.

- Freastal ar ranganna Gaeilge.
Úsáidtear an cláir oibre Loinnir, Síolta, Aistear [sin na caighdeán síolta agus an curaclam náisiúnta aistear agus an pleanáil teanga] Borradh chun forbairt iomlán a dhéanamh ar an páistí, forbairt teanga san áireamh.- Beidh clár oibre an Naíonra leagtha amach chun freastal go cuí ar riachtanais teanga na bpáistí maidir le sealbhú agus saibhriú na Gaeilge chun úsáid nádúrtha na Gaeilge a chothú agus a bhuanú i measc na bpáistí.

- Cuirfear béim láidir ar Ghaeilge agus ar chanúint an cheantair ina bhfuil an Naíonra lonnaithe.

- Is i nGaeilge amháin a bheas gach fógra, lipéad agus comhartha crochta in Ionad an Naíonra.

- Gaeilge amháin a labhrófar sa Naíonra ach beidh fáilte roimh gach páiste, is cuma cén teanga, cultúr nó aicme lena mbaineann sí/sé.

- Maidir le Naíonra ina bhfuil dhá sheisiún ar bun ag aon am amháin - cuirtear na cainteoirí Gaeilge ó dhúchas le chéile mar ghrúpaí i seisiún amháin agus cuirtear páistí nach i an Ghaeilge a gcéad teanga le chéile mar ghrúpaí sa seisiún eile, ag

brath ar an méid páistí atá ceadaithe ag gach seisiún ag Tusla.

- Maidir le Naíonraí nach bhfuil iontu ach seisiún amháin - cuirtear na páistí ar cainteoirí dúchais iad i ngrúpa astu féin ag gníomhaíochtaí áirithe i rith an tseisiúin agus déantar an rud céanna leis na páistí nach í an Ghaeilge a gcéad teanga chun

deis saibhriú agus sealbhú teanga a thabhairt don dá ghrúpa.

- Cuirtear béim ar luathoideachas trí mheán na Gaeilge i seirbhísí CNNG. Is seirbhís páistelárnach í agus tabharfar tús áites i gcónaí do riachtanais an pháiste.

Sin é an polasaí a bhí agus atá againn don tseirbhís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.