Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 4 July 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)
5:25 pm
Ms Eithne Mhic Fhionnlaoich:
Ag dul ar ais cúpla bliain ó shin, bhí sé ag teacht aníos go raibh cainteoirí dúchais i seomra amháin agus páistí eile i seomra eile. Bhí tuismitheoirí ag iarraidh go dtosódh muid le rang do na páistí dá mba cainteoirí dúchais iad le huair a chloig eile agus nach mbeadh cainteoirí dúchais i seomra eile. Bhí sé sin ceart go leor ach ní raibh sin ag dul ag obair dúinn ag an am mar ní raibh an t-airgead ag teacht ó Pobal. Ní raibh go leor spás againn le haghaidh na páistí uilig. Tá a fhios agam gur cuireadh ráfla amach go bhfuil seo ag tarlú.
Bhí siad ag iarraidh brú a chur orainn. Chuaigh ráfla amach go raibh seomra amháin fá choinne cainteoirí dúchais. Tháinig máthair amháin go dtí an teach agam ag deireadh na bliana. Shíl sí go raibh difear á dhéanamh idir na ranganna. Dúirt sí go raibh sí iontach briste, go raibh sí ann lena páistí chun Gaeilge a fhoghlaim agus cad ina taobh de a bhí difear á dhéanamh agus na cainteoirí dúchasacha a bheith i seomra amháin. D'iarr sí orm, cén dóigh a bhí a pháistí chun dul a piocadh suas an Gaeilge muna raibh siad ag meascadh leis na cainteoirí dúchais. Dúirt mise nach é sin an rud a bhí ag tarlú, go raibh muid uilig ag caint Gaeilge agus nach raibh an difear sin ann. Bhí an ráfla ag dul amach san am agus ní raibh sí sásta. Shíl sí go raibh difear mhór á dhéanamh. Caithfidh go mbeadh a páistí ag suí le cainteoirí dúchais Gaeilge. Ní raibh an ráfla sin fíor gur sin an rud a bhí ann. Ní raibh sé ag dul a oibriú dá mba sin an rud a bhí ann.
No comments