Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:15 pm

Ms Mairéad Mac Con Iomaire:

Tagann na deontais ar fad don earnáil ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Tagann tacaíocht do roinnt de na seirbhísí atá thar a bheith beag ó Údarás na Gaeltachta, ach tagann an gnáthairgead ón Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Cuireann sé imní orm go pearsanta gur féidir le haon duine nó aon dream dul agus seirbhís luathbhlianta a thosú - fiú istigh i gcroílár na Gaeltachta más mian leo é sin a dhéanamh - gan coinníoll teanga. Sílim gur rud mór é sin. Ag eascairt as sin, b'fhéidir nach bhful an oiread sin seirbhísí luathbhlianta i gcroílár na Gaeltachta ag feidhmiú trí Bhéarla, ach tá siad ann sa Ghaeltacht. Tá siad go mór sna breacGhaeltachtaí agus ní fada nach bhféadfaidís dul isteach i gcroílar na Gaeltachta. Chuirfeadh sé imní ar duine nach bhfuil coinníoll teanga ag dul leis an deontas.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.