Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

5:05 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Gabhaim míle buíochas do na finnéithe. Tá brón orm go bhfuil mé déanach, bhí mé ag sochraid ar maidin. Tá aithne agam ar go leor daoine atá anseo agus d'fhreastal mo pháistí ar naíonra Ráth Chairn ar feadh trí bliana so tá an-aithne agus eolas agam mar gheall ar an naoílann agus an naíonra ansin agus caithfidh mé a rá gur bhain siad an-taitneamh as agus bhí siad go hiontach ar fad. D'aithin mé ceann de na deacrachtaí agus na dúshláin a bhí ag na finnéithe ag an am ná teacht ar dhaoine chun obair ann le Gaeilge ar ard-chaighdeán. Caithfidh mé a rá go raibh na mná a bhí ag obair ann go hiontach ar fad. Is ait an rud é, bíonn daoine i gcónaí ag cur anuas ar an teanga ag rá nach bhfuil aon obair nó slí bheatha sa Ghaeilge. Tá go leor slí bheatha sa Ghaeilge agus tá ganntanas soláthar mar gheall ar na poist sin sa tír.

Níl an Rialtas dáiríre mar gheall ar an nGaeilge i mo thuairim. Is é an t-oideachas luathbhlianta an tslí is éasca chun an Ghaeilge a thabhairt do éinne. Má cruthaítear córas ceart, bheadh sé i bhfad níos éasca an Ghaeilge a chruthú agus a chothú sa Ghaeltacht agus taobh amuigh den Ghaeltacht.

Ag an am seo ceapaim go bhfuil an móramh sa Ghaeltacht ag freastal ar naíonraí lán Béarla.

I mo thuairim ba cheart go mbeadh an Rialtas ag cur rud ar bun cosúil leis an gcóras aitheantais atá aici le haghaidh bunscoileanna agus meánscoileanna. Ba cheart go mbeadh an Rialtas ag oscailt córas nua chun iad nach bhfuil ag feidhmiú trí Ghaeilge a mhealladh isteach agus go gcuirfeadh sé tacaíocht agus rudaí ar fáil chun go mbeadh siad in ann an obair a dhéanamh i gceart.

Is í an dara fhadhb atá ann, agus is fadhb í a théann tríd an gcóras oideachais ina hiomlán, ná caighdeán na Gaeilge. Tá an Roinn Oideachais agus Scileanna tar éis a rá nach bhfuil caighdeán cuí Gaeilge ag ceathrú de na múinteoirí atá taobh amuigh sa bhunscoileanna agus sa mheánscoileanna ar chor ar bith. Tá na finnéithe faoi bhrú mar gheall ar airgeadas. Baineann sé seo leis an dara rud. Bíonn daoine ag rá go n-aithnímid, mar shochaí, luach iontach ár bpáistí. Cuirim question mark mór thar an ráiteas sin toisc nach bhfuil muid ag tabhairt an airgead cuí ná an terms and conditions cuí dóibh siúd atá ag tabhairt aire dár bpáistí. Go dtí go bhfuil sé sin déanta againn, ní bheimid in ann na fadhbanna a réiteach. Caithfidh go mbeadh é sin ar siúl. Ba cheart go mbeadh liúntas speisialta ag baint le múineadh trí Ghaeilge mar tá níos mó le déanamh ag daoine atá i bhfeighil leanaí nó ag múineadh sa naíonra nuair atá sé á dhéanamh acu i nGaeilge.

Tá ceist agam faoin Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige. Táimse tar éis go leor ceisteanna a chur isteach chuici le fada an lá. Ní thuigeann sí go bhfuil dualgais sonrach uirthi mar gheall ar an nGaeilge. B'fhéidir go bhfuil sí ag feabhsú de réir an taithí atá ag na finnéithe léi anois, ach is rud imeallach di fós. Is rud é atá ag cur isteach uirthi ar shlí éigin. Caithfidh go mbeadh athrú iomlán intinne sa Roinn sin. Caithfidh sí a thuiscint gur fíorearnáil é sin agus déileáil leis i gceart. An bhfuil go leor continuing professional development, CPD, sa chóras? Tá daoine ag baint amach cáilíochtaí ach ní pháirt den cháilíocht an Ghaeilge go fóill. Níl an Ghaeilge ann mar fíorábhar sa scéim ECCE. Cad is féidir leis an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a dhéanamh chun na fadhbanna sin a réiteach i gceart?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.