Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:45 pm

Ms Mairéad Mac Con Iomaire:

Ó thaobh na ceiste sin a fhreagairt, is dóigh liom maidir leis an earnáil ar fad, is é an Roinn Leanaí agus Gnóthaí Óige a chuireann maoiniú ar fáil le haghaidh na seirbhísí luathbhlianta ar fad. Íocann sé 38 seachtaine sa bhliain agus is amhlaidh é sin ar fud na tíre. Is é an t-aon eagras Gaeltachta a bhfuil an oiread sin seirbhísí fostaithe aige agus atá soláthar na seirbhísí aige. Nuair a bhreathnaítear ar a leithéid an Iorua agus roinnt tíortha eile, mar shampla, an Iodáil, a rinneamar staidéar orthu, ach go mór mór an Iorua, mar is iontach an sampla sin, tá múinteoirí na luathbhlianta íoctha díreach cosúil le múinteoirí bunscoile agus meánscoile.

Is rud a chaithfear a thógáil ar fud na tíre ar fad. Ní bhaineann sé dáiríre leis an nGaeltacht, ach is cinnte go bhfuil an fhadhb ann. Sílim go dtiocfaidh an lá go mbreathnófar ar na luathbhlianta, mar a dúirt Bean Ruiséal ansin ar ball, agus go bhfeicfear go bhfuil siad thar a bheith tábhachtach agus práinneach agus gurb iad an chéad nó bunchloch an oideachais. Go dtí go bhfeicfear sin nó go dtógfar é sin dáiríre, sílim go mbeimid ag caitheamh cúpla punt anseo agus cúpla punt ansiúd. Caithfimid é sin a thógáil i ndáiríre agus go mbeidh sé istigh sa struchtúr.

Is aoibhinn liom a bheith ag cuimhneamh ar an Iorua arís. Tá ollscoil ansin acu do na luathbhlianta a thugtar Queen Maud uirthi.

Déanann siad na cúrsaí in áiteanna eile ar fad na hIorua ach, ar a laghad, tá an ollscoil seo ann ina bhfuil na luathbhlianta ar fad fite fuaite isteach ann. Ansin tá daoine ag fáil cáilíochtaí agus tá fir ag obair sna seirbhísí ar fad. Tá na seirbhísí ar chomhchéim. Ní gheofaí fir ag obair sna seirbhísí luathbhlianta in Éirinn, is cuma sa Ghaeltacht nó sa Ghalltacht, mar níl an t-airgead ann. Níl ann ach uaireanta moch dóibh atá sa mbaile. Fiú amháin na daoine atá ag déanamh na céimeanna, muna bhfuil post acu i gceannas ionaid cúraim leanaí, níl sé maith dóibh a bheith ag obair sa tseirbhís.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.