Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 4 July 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ionaid Cúraim Leanaí Lán-Ghaeilge i gCeantair Gaeltachta: Díospóireacht (Atógáil)

4:45 pm

Photo of Brian Ó DomhnaillBrian Ó Domhnaill (Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá cur i láthair maith déanta anseo ag na finnéithe. Aontaím leis na pointí go léir atá ardaithe. Tá siad tábhachtach. Ó thaobh réamhscolaíochta go ginearálta de, tá sé tábhachtach do pháistí. Nuair a chuirtear isteach sa mix ansin go bhfuil an Ghaeilge fite fuaite leis an réamhscolaíocht sin, tá sé níos tábhachtaí arís. Is é tobar na Gaeilge don todhchaí an tseirbhís a chuireann na finnéithe ar fáil. Tá sé fite fuaite leis na bpleananna éagsúla i dtaca leis an nGaeilge ata á gcur chun cinn ag Údarás na Gaeltacht faoi láthair.

Tá obair iontach déanta ag Comhar Naíonraí na Gaeltachta. Tá a fhios féin agam i nDún na nGall an obair atá ar siúl. Tá sé fíorthábhachtach go deo. Níl tuiscint ar chor ar bith agam ar an bhfáth a caitheadh leis na daoine atá ag obair sna scoileanna seo mar tá siad ag cur seirbhís ar fáil atá chomh tábhachtach leis an tseirbhís a chuireann múinteoirí ar fáil. Tá a fhios agam féin toisc go bhfuilim pósta le múinteoir agus tuigim, go háirithe maidir leis na páistí óga sna naíonáin bheaga, go bhfuil níos mó brú ar na múinteoirí sin ná b'fhéidir ar na múinteoirí ata ag teagasc rang a cúig nó rang a sé mar go bhfuil níos mó oibre i gceist. Má cuirtear é sin ar ais bliain nó dó go dtí an réamhscoil, is cinnte go bhfuil níos mó oibre i gceist leis sin arís.

Caidé go bhfuil an fhadhb anseo? An é go bhfuil an Roinn Oideachais agus Scileanna i gceist nó an é go bhfuil aitheantas le fáil agus is dócha go mbeadh ról ag an INTO ansin agus go mbeadh tuairim aige? Beidh aitheantas ón Roinn Oideachais agus Scileanna le fáil anseo. Ó thaobh an bhuiséid agus an pá seo a chur ar fáil, beidh ceist ann maidir le hÚdarás na Gaeltachta, an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus na nOileán nó an Roinn Oideachais agus Scileanna ag cur cosc air seo, agus caidé is féidir linn a dhéanamh mar choiste le tacaíocht a thabhairt do na finnéithe? Ar an taobh seo den tábla, déarfainn go bhfuil iomlán tacaíochta gur chóir go mbeadh hionadaithe nó na hoibrithe atá ag obair san earnáil seo díolta thart le linn an tsamhraidh.

Ceist eile a phioc mé suas é agus mé ag déanamh camchuairt thart ar na Gaeltachtaí éagsúla ná an ráta pá féin. Ní hamháin é go mbeadh pá ar fáil i rith an tsamhraidh ach an ráta pá chomh maith, agus an bhfuil ceist ansin fosta toisc gur seirbhís thábhachtach atá i gceist, agus an féidir an cheist sin a chur? Má tá moltaí a thig linne a dhéanamh mar choiste, bheinnse ag tabhairt ag tabhairt iomlán tacaíochta dó seo. Tá a fhios agam féin faoi dhaoine atá ag obair san earnáil seo, agus le teacht saoire an tsamhraidh, caithfidh siad dul go dtí an oifig dole agus síniú ann. Más rud é go bhfaigheann duine jab aníos i Lidl nó i Tesco nó áit ar bith eile, tá siad caillte ag an gcóras. Tá an obair thraenála go léir atá caite ag an Stát caillte fosta. Glacaim leis go bhfuil sin ag cur brú ar bhuiséid na bhfinnéithe féin gach bliain go gcaithfidh siad daoine úr a thabhairt isteach agus iad a thraenáil. Níl ciall ar bith leis seo. Ní airgead mór atá i gceist agus tig linn moladh a dhéanamh. Measaim gur rud fiúntach a bheadh ann. Beirim iomlán tacaíochta do na finnéithe agus go raibh míle maith acu as teacht anseo.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.