Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 29 May 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

4:00 pm

Mr. Michael O'Keeffe:

Tá an leibhéal íseal. Admhaím é sin. Tá sé ceangailte le stair na stáisiún nuair a thosaigh siad nuair a rinneadh na hiarratais den chéad uair i 1988. B'shin an leibhéal a bhí inghlactha don choimisiún an t-am sin. Cuireadh na leibhéil sin isteach i gconradh, agus bhí an conradh sin á athnuachan cúpla uair ó shin. An raibh sé sin ceart? Is í sin an tslí a úsáideadh na ceadúnais. Ní seirbhísí poiblí iad. Is é sin an pointe atá ann. Faightear freagra difriúil ó RTÉ, is sin an pointe a bhí á dhéanamh ag an Teachta Tóibín. Is seirbhís phoiblí é RTÉ agus ní seirbhísí poiblí iad na stáisiúin tráchtála. The mechanism that was in operation againne ag an am was to encourage, for example, Fuaim agus Fís. Tá stáisiúin ag déanamh documentaries agus tá ceann amháin a bhuaigh duais sna meáin Cheilteacha ar Newstalk FM, comedy programme agus Gaeilge á húsáid. Rudaí mar sin atá i gceist to encourage partnerships. Níl a lán done sa raidió; tá níos mó done sa teilifís. Bhí an Teachta referring back to the plan atá againn. Beimid ag féachaint ar mechanisms chun níos mó clár as Gaeilge a chur chun cinn agus a chraoladh.

An féidir linn an conradh a athrú? Ní dóigh liom é, mar shíníomar conradh deich mbliana cúpla bliain ó shin leis an méid is mó de na stáisiúin agus ní dóigh liom go ndéanfaí athrú orthu ach amháin go dtarlóidh change in the legislation. Caithfimid a bheith cúramach faoin reachtaíocht mar go bhfuil trioblóidí eile ag na stáisiúin tráchtála mar gheall ar an ioncam fógraíochta a bheith ag dul go dtí Facebook agus Google agus gan a bheith ag dul go dtí na meáin thraidisiúnta. Tá deacrachtaí ann. Ba mhaith linn féachaint an bhfuil slí ann chun leibhéal na Gaeilge a ardú agus cén tslí is fearr chun é sin a dhéanamh. Is é sin an méid atá á dhéanamh againn nuair a chuireamar an phlean le chéile.

Níl freagra éasca ar an gceist sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.