Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 29 May 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann
4:00 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
Gabhaim buíochas as an gcur i láthair an-mhór. Bhí an-chuid eolais ann agus tá áthas orm go ndearnadh achoimre air mar go bhfuil an oiread sin eolais ann. Aontaím leis an méid a bhí á rá ag an Teachta Tóibín maidir leis an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus an tábhacht atá ag baint léi. Is dócha nach bhfuil an tsuim nó an fuinneamh ag teacht ón Rialtas inti. Tá ról an-tábhachtach ag na meáin chun an Ghaeilge a chur os comhair daoine agus chun deis a thabhairt do lucht na Gaeilge í a labhairt agus chun éisteacht léi chomh maith.
Tá cúpla rud ar mhaith liom díriú air, más féidir. Ar an gcéad dul síos, ar tháinig torthaí an tsuirbhé seo aniar aduaidh ar na finnéithe, nó an raibh siad ag súil lena leithéid? Léiríonn sé leibhéal sách íseal maidir le húsáid na Gaeilge i measc na meán. An raibh gearán faighte agaibh ó eagraíochtaí éagsúla nó ó dhaoine príobháideacha mar gheall ar leibhéal íseal na Gaeilge? Má bhí gearáin tagtha, conas a rinne sibh a leithéid a láimhseáil?
Tuigim thart ar leathanach a sé, go mbraitheann na finnéithe go raibh an leibhéal comhsheasmhach leis an leibhéal a raibh siad ag súil leis sna ceadúnais, is é sin go raibh an leibhéal mórthimpeall an leibhéal céanna a tháinig as an suirbhé. An é sin le rá go bhfuil leibhéal an-íseal sna ceadúnais atá agaibh? Ar leathanach a ceathair, deirtear go raibh an Rialtas ag rá go mba chóir go mbeadh 20% den nuacht agus de chlúdach na gcúrsaí reatha as Gaeilge. An é sin rud a tháinig ó shin nó an bhfuil an 20% curtha i bhfeidhm? An mbeidh sé á chur i bhfeidhm nuair a bheidh athnuachan á déanamh ar na ceadúnais éagsúla?
Nuair a tháinig na comhlachtaí éagsúla seo chugaibh i gcomhair athnuachan a dhéanamh ar a gcuid ceadúnas, ar phléigh na finnéithe an t-ábhar leo nó ar lorg siad go mbeadh níos mó Gaeilge in úsáid iontu acu? Cad ina thaobh go mbeadh caighdeán difriúil ceadaithe ó na stáisiúin éagsúla? An bhfuil cúis faoi leith mar gheall air sin? Feicim i gCorcaigh le C103 agus 96FM, nach gcraolann siad ach míreanna agus in áit ina raibh cláir acu. Cad ina thaobh, mar sin, go mbeadh leibhéal difriúil leagtha síos sna ceadúnais? An féidir an leibhéal sna ceadúnais a athrú anois nuair a thiocfaidh sé go dtí am na hathnuachana?
An raibh cuid de na stáisiúin a bhí leibhéal an-íseal acu ag sárú nó ag teip maidir lena gceadúnais? An raibh aon dream in aon chor ag síneadh amach agus ag déanamh níos mó ná mar a bhí á lorg uathu sa cheadúnas? B’fhéidir nach raibh, ach iarraim ar na finnéithe é sin a chinntiú.
No comments