Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 29 May 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

4:00 pm

Mr. Michael O'Keeffe:

Tá mise ag dul tríd an aighneacht, páirt a dó go dtí a sé agus tógfaidh mé cúpla pointe as ceachtar. Níl mé dul tríd an aighneacht go léir. Tá mé sásta aon cheisteanna a fhreagairt tar éis an presentation.

Tá páirt a dó ag déileáil leis an scéim maoinithe craolacháin. Cuirfear 7% den cheadúnas teilifíse ar fáil, sin díreach os cionn €14 milliún gach bliain. Tá dhá scéim i bhfeidhm - tá an scéim fuaime agus físe, sound and vision - tá eolas ag an gcoiste air sin - an scéim cartlanna agus réimse tionscnamh coimhdeach freisin. Sa scéim fuaime agus físe, cuirtear 25% den chiste do chláir as Gaeilge nó do chláir dhátheangacha agus in 2017, bhí 30 clár Gaeilge i gceist. Leithdháileadh €2.78 milliún faoin scéim le tacú. Cuireann an scéim tacaíocht ar fáil do chláir Ghaeilge do chraoltóirí poiblí agus do chraoltóirí tráchtála agus pobail. Thug an scéim tacaíocht suntasach freisin don earnáil Iéiriúcháin neamhspleách GaeiIge, raidió agus teilifís. Beidh athbhreithniú á dhéanamh ar an scéim in 2019 agus b'fhéidir go mbeidh deiseanna san athbhreithniú sin chun scrúdú a dhéanamh ar na leibhéil de chlársceidealú Gaeilge agus dátheangach ar tacaíodh leo ar sheirbhísí raidió agus lena fhiosrú an bhféadfaí na leibhéil seo a bhreisiú faoi aon scéim nua. Sin an t-aon rud a bheidh sa review a bheidh ag dul ar aghaidh an bhliain seo chugainn. B'fhéidir go gcaithfimid féachaint ar leibhéal na Gaeilge san scéim sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.