Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 29 May 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Úsáid na Gaeilge ar an Raidió: Údarás Craolacháin na hÉireann

4:00 pm

Professor Pauric Travers:

Thar ceann Údarás Craolacháin na hÉireann, ba mhaith liom buíochas a ghabháil leis an gCathaoirleach as an gcuireadh teacht roimh an coiste chun úsáid na Gaeilge ar an raidió a phlé. Ceann de chuspóirí straitéiseacha an údaráis don tréimhse seo faoi théama an éagsúlacht agus an iolracht a chur chun cinn is ea cláir Ghaeilge d'ard-chaighdeáin a chothú agus a chur chun cinn. Táimid ag súil le toradh ina mbeidh an raon agus na foinsí ábhar closamhairc atá ábhartha go cultúrtha, lena n-áirítear trí Ghaeilge, atá ar fáil do lucht féachana na hÉireann méadaithe. Glacann an t-údarás le raon tionscnamh le tacú leis na cuspóirí seo a bhaint amach. Tabharfar níos mó sonraí i gcorp na haighneachta ar na tionscnaimh agus na gníomhaíochtaí éagsúla atá á ndéanamh faoi láthair. Tabharfar tráchtaireacht freisin ar thiomantais inmheánacha an údaráis i leith na Gaeilge faoi Acht na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017 agus déanfar tagairt freisin don suirbhé a rinne an Dr. John Walsh agus an Dr. Rosemary Day a bhí mar ábhar do chur i Iáthair os comhair an choiste le déanaí. Ní dhéantar tagairt san aighneacht do thiomantais an chraoltóra seirbhíse poiblí, RTÉ, atá ina ábhar i bpróiseas athbhreithnithe ar leith idir an Broadcasting Authority of Ireland, BAI, agus an tAire Cumarsáide, Gníomhaithe ar son na hAeráide agus Comhshaoil. Beimid sásta tuilleadh eolais a thabhairt maidir le ceist ar bith a ardaítear san aighneacht agus ceisteanna ón gcoiste a fhreagairt.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.