Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 May 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)

2:55 pm

Mr. Darach Ó Tuairisc:

Ba mhaith liom pointe nó dhó a dhéanamh. Ceann de na fadhbanna le bheith ag feidhmiú mar chomhlacht drámaíochta sa tír - tá an fhadhb seo trasna chuile chineál comhlachta sa tír - agus ceann de na lochtanna is mó atá ann ná maoiniú reatha nó easpa maoinithe reatha do chomhlachtaí.

In 2016 bhí ceithre post lánaimseartha agus post amháin leath-aimseartha ag Fíbín. Anois, mar gheall ar easpa maoinithe reatha, níl ann ach dhá phost. Bhí infreastruchtúr cothaithe agus cruthaithe ag an gcomhlacht ag barr na réime 2008. Bhí go leor maoinithe ann, bhí infreastruchtúr ann agus bhíomar ag déanamh ceithre dráma in aghaidh na bliana. De réir mar a thiteann an maoiniú, táimid ag cailleadh na bpost, tá an infreastruchtúr ag imeacht agus níl an taithí ag lucht féachana teacht amach chuig drámaí i nGaeilge. Tá an earnáil féin tábhachtach. Níl mé ag caint go díreach ar Fíbín. Ba bhreá liom go mbeadh cúig nó sé chomhlacht proifisiúnta lán-Ghaeilge sa tír. Níl an maoiniú sin ann agus is léir é sin ón deacracht atá ann an maoiniú sin a fháil. Tá an ceart ag an Uasal Balance: déanann go leor leor iarratas chun maoiniú beag bídeach a fháil ó Fhoras na Gaeilge agus ó Ealaín na Gaeltachta. Ní príomhfheidhm Fhoras na Gaeilge ealaín a chur chun na tíre, b'shin príomhfheidhm na Comhairle Ealaíon, mar a fheicimse. B'shin an áit a cheapfadh mise. Mar a dúirt mé sa pháipéar freisin, d'fhéadfaí i bhfad níos mó a chur i dtreo na n-ealaíon i gcoitinne sa tír, ach d’fhéadfaí cuid den airgead sin a chur ar fáil d'eagraíocht a bheadh sásta tabhairt faoi, agus a bheadh tuiscint acu, agus b'fhéidir go mbeadh sin níos éasca don Chomhairle Ealaíon.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.