Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 May 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)

1:55 pm

Mr. Seán Ó Coinn:

I dtús báire, ba mhaith liom leithscéal a ghabháil thar ceann ar gcathaoirligh, Pól Ó Gallchóir. Ni raibh sé ábalta a bheith linn inniu agus sílim gur chuir mé é sin in iúl don choiste roimh ré.

Aithníonn an pobal i gcoitinne an tábhacht a bhaineann leis na healaíona i sochaí nó i bpobal nó i dtír ar bith. Tá sé seo amhlaidh go háirithe maidir le hÉirinn. Bíonn litríocht, an ceol, na físealaíona, an drámaíocht, an damhsa, amhránaíocht agus scannáin mar chuid de shaol an uile dhuine againn. Cothaíonn siad ár n-intinn, ár gcroí agus ár n-anam ó dhubh go dubh ar ár bhfóin chliste, ar an raidió, ar an scáileán teilifíse, sna pictiúrlanna, sna hamharclanna, sna tithe tábhairne agus inár n-ionaid choirme ar fud na tíre. Táimid á n-aithint níos mó agus níos mó mar dhlúthchuid den gheilleagar go bhfuil tábhacht leis na healaíona dár meabhairshláinte, dár sláinte coirp, agus tá siad á n-úsáid inár gcuid scoileanna le cuidiú le páistí a bhfuil deacrachtaí iompair acu. Bheadh ár saol, ár sláinte, ár n-oideachas agus ár ngeilleagar níos measa as go mór gan na healaíona. Tá an tábhacht chéanna sin uilig ag na healaíona trí Ghaeilge, do shochaí na Gaeilge agus do na pobail éagsúla ina bhfuil an Ghaeilge á húsáid nó á forbairt iontu, agus do mhórphobal na hÉireann.

Gan na healaíona trí Ghaeilge, beidh saol, sláinte, oideachas agus geilleagar na gceantar ina mbíonn an Ghaeilge á húsáid mar theanga phobail níos measa as. Gan ghníomhaíocht bhríomhar sna healaíona sna pobail Ghaeilge, sa Ghaeltacht nó lasmuigh di, beidh sé níos deacra ag na pobail sin maireachtáil mar phobail. Gan na healaíona trí Ghaeilge a bheith á gcur chun cinn go bríomhar, ní thiocfaidh pobail nua Ghaeilge chun cinn áit ar bith sa tír, agus cuirfidh sin go mór le meath na bpobal Gaeilge atá againn.

Gan na healaíona trí Ghaeilge, beidh ról na Gaeilge mar chuid de shainiúlacht mhórphobal na tíre ag dul i laghad de réir a chéile. Le linn dúinn ceist na Gaeilge agus na n-ealaíon a phlé, tá sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir trí rud éagsúla: na healaíona dúchasacha, ceol, amhránaíocht agus damhsa traidisiúnta mar shampla; na healaíona scríofa agus labhartha trí Ghaeilge, drámaíocht, litríocht, filíocht agus ábhar scríofa agus labhartha trí Ghaeilge, i gcomhthéacs úsáid na Gaeilge; agus na healaíona go ginearálta, ceol, damhsa, litríocht agus na físealaíona de gach cineál, i bpobal ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail i bpobal Gaeltachta nó pobal atá ag teacht chun cinn mar phobal Gaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht, cuir i gcás Cluain Dolcáin anseo i mBaile Átha Cliath, nó Baile Locha Riach i nGaillimh, Inis i gContae an Chláir nó Ceatharlach.

Dar le Foras na Gaeilge, imríonn na healaíona ról riachtanach sa tsochaí trí chuidiú leis an bpobal - pobal ar bith - iad féin a chur in iúl, agus a bhféiniúlacht a léiriú agus a shainiú. Cuireann mórán daoine sa tsochaí síos orthu féin, go háirithe daoine óga, i dtéarmaí an cheoil a n-éisteann siad leis, na litríochta a dtaitníonn leo, i dtéarmaí an chineáil drámaíochta nó scannán ar maith leo, agus dá réir sin.

Tá sé ríthábhachtach go gcuirtear ar a gcumas do na pobail Ghaeilge ar fud na tíre, sa Ghaeltacht agus taobh amuigh di, a bhféiniúlacht a chur in iúl i dtéarmaí na n-ealaíon i gcoitinne, ní hamháin i dtéarmaí na n-ealaíon dúchasach, tábhachtach agus uile mar atá siad i gcomhthéacs na bpobal Gaeilge, ach thar réimse iomlán na n-ealaíon, ní hamháin sa Ghaeltacht, ach sna pobail eile a bhfuil an Ghaeilge á forbairt iontu mar theanga phobail. Dar linn, tá tábhacht leis na healaíona Gaeilge mar dheis ag pobal na Gaeilge sna ceantair sin a bhfuil an Ghaeilge á forbairt agus á caomhnú iontu mar theanga phobail. Tá tábhacht leis na healaíona Gaeilge do shóisialú trí Ghaeilge ar ócáidí ealaíon agus le deis a thabhairt don phobal gréasáin shóisialta a fhorbairt tríd na healaíona. Tá tábhacht leis na healaíona trí Ghaeilge fosta mar ghléas nó mar uirlis le go mbeidh daoine sna pobail sin in ann iad féin a chur in iúl dá bpobail agus don saol mhór.

Go hachomair, caithfidh réimse iomlán na n-ealaíon trí Ghaeilge a bheith ar fáil do phobail na Gaeilge ina bpobail féin. Caithfidh ealaíona trí Ghaeilge a bheith á bhforbairt sna pobail nua Ghaeilge atá ag teacht chun cinn sa tír. Is dlúthchuid iad na healaíona den phróiseas pleanála teanga sna ceantair sin.

Bíonn an dá bhéim seo ag Foras na Gaeilge agus muid ag tacú leis na healaíona. I dtosach, tá forbairt na n-ealaíon go ginearálta sna ceantair ina bhfuil an Ghaeilge mar theanga phobail, mar dheis ag pobal na Gaeilge sna ceantair sin sóisialú trí Ghaeilge, agus le deis a thabhairt dóibh gréasáin shóisialta a fhorbairt tríd na healaíona. Ansin fosta, tá forbairt na n-ealaíon mar chuid de shaol na bpobal sin, le go mbeidh deis ag na daoine sin a gcuid buanna sna healaíona a fhorbairt agus a chleachtadh trí mheán na Gaeilge.

Tá an-tábhacht leis an tríú gné den Ghaeilge agus na healaíona in Éirínn, is é sin mar atá ag na healaíona trí Ghaeilge agus mórphobal na tíre. Go minic is leis na healaíona dúchasacha agus leis an nGaeilge a chuirtear sainfhéiniúlacht na hÉireann in iúl: filíocht na bhfilí Gaeilge ar nós, mar tá a fhios againn, Nuala Ní Dhomhnaill nó Cathal Ó Searcaigh; Fleadh Cheoil na hÉireann, Seosamh Ó hÉanaigh nó Sibéal Ní Chasaide; agus damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós. Nuair a dhéantar iarracht a chur in iúl don domhan cad é atá sainiúil faoi Éirinn agus a thugann ár sainiúlacht dúinn i measc thíortha an domhain, is minic a tharraingítear ar an nGaeilge agus ar an nGaeilge sna healaíona.

Mar thír is mithid dúinn a aithint go bhfuil tábhacht ar leith leis an Ghaeilge agus muid ag cur shainiúlacht na hÉireann in iúl tríd na healaíona. I dtaca le Fhoras na Gaeilge, is go príomha trí mhaoiniú a chur ar fáil do dheontaithe agus trí chomhairle a chur ar an dá chomhairle ealaíon a chuireann Foras na Gaeilge na healaíona Gaeilge agus cultúr agus saíocht na Gaeilge chun cinn sa tír. Cuimsíonn obair Fhoras na Gaeilge i réimse na n-ealaíon scéimeanna deontais le haghaidh féilte agus imeachtaí eile dírithe ar an healaíona trí Ghaeilge, scéim na bhféilte, scéim na gcomplachtaí drámaíochta, scéim na dtionscadal litríochta, agus roinnt scéimeanna a dhírítear ar fhoilsiú leabhar agus ar scríbhneoireacht i nGaeilge. Ní rachaidh mé tríd iomlán na scéimeanna sin agus mé ag déanamh an cur i láthair. Tá cuid mhaith scríofa san aighneacht a chuir muid faoi bhráid an choiste, ach i gcomhthéacs na scéimeanna sin ba mhaith liom aird a tharraingt ar na ciorruithe a rinneadh ar bhuiséad Fhoras na Gaeilge le blianta beaga anuas.

In 2017 agus 2016, fuair Foras na Gaeilge €16.4 milliúin mar bhuiséad iomlán leis an Ghaeilge a chur chun cinn ar fud oileán na hÉireann Thuaidh agus Theas agus le riar ar riachtanais uile na teanga. Le dearcadh siar ar an stair go gasta, cúpla bliain i ndiaidh bhunú Fhoras na Gaeilge in 1999 bhí buiséad Fhoras na Gaeilge inchurtha nó inchomparáide le buiséad na Comhairle Ealaíon, fíric a thug aitheantas do mhéid agus d’ilchineálacht na hoibre a bhí faoi chúram Fhoras na Gaeilge mar fhoras nua tras-Teorann. Ag an am sin, 2002, bhí buiséad de €19.7 milliún ag Foras na Gaeilge i gcomparáid leis an €34 milliún a bhí ag an Chomhairle Ealaíon. Sa lá atá inniu ann, faigheann Foras na Gaeilge thart faoi €17 milliún sa bhliain le riar ar riachtanais iomlána na tíre i ngach réimse den teanga – titim de €2.7 milliún ó na blianta tosaigh sin i dtús an chéid - i gcomparáid le isteach agus amach ar €60 milliún a bhí ag an Chomhairle Ealaíon in 2016. Méadaíodh an suim sin arís go dtí thart faoi €68 milliún in 2018, méadú faoi dhó ó na blianta tosaigh sin i dtús an chéid. Dá réir seo, bíonn ar Fhoras na Gaeilge cuid mhór den fhreagracht a bhaineann leis na healaíona trí Ghaeilge a fhágáil ag an Chomhairle Ealaíon. Faraor géar ní féidir le Foras na Gaeilge ach tacaíocht bheag a chur ar fáil sa réimse seo tríd na scéimeanna sin atá luaite inár n-aighneacht.

Cé go dtaitníonn sé go mór linn go bhfuil an Rialtas ag tabhairt an leibhéil sin aitheantais do na healaíona go ginearálta agus go bhfuil méadú suntasach - méadú faoi dhó - tagtha ar an bhuiséad atá againn in Éirinn do na healaíona i gcoitinne, is trua mhór ghéar é nach bhfuil an rud céanna i ndiaidh tarlú do bhuiséad Fhoras na Gaeilge. Sa bhliain 2012, bhí buiséad de bheagnach €1 milliún ag Foras na Gaeilge don dá mhórscéim ealaíona atá againn, is iad sin scéim na gcomplachtaí drámaíochta agus scéim na bhféilte. De bharr na gciorruithe leanúnacha ar an bhuiséad bliain i ndiaidh bliana go dtí an bhliain 2017, bhí an buiséad sin gearrtha ina leath go díreach os cionn €500,000. Is gearradh de 44% é sin. Sna blianta céanna sin ó 2008 ar aghaidh, thit buiséad iomlán Fhoras na Gaeilge ó €21 milliún go €17 milliún.

Agus sin ráite éiríonn linn tacaíocht shuntasach a chur ar fáil do na healaíona Gaeilge. In 2017, chuir muid deontais de luach os cionn €200,000 ar fáil do 18 gcinn de chomplachtaí drámaíochta agus deontais de luach os cionn €100,000 do 44 fhéile ar fud na tíre. Ní mór an méid é i gcomhthéacs riachtanais iomlán phobail na Gaeilge ach is cúnamh éigin é. Lena chois sin, in 2017, chuir Foras na Gaeilge deontais de luach €42,000 ar fáil do Imram, féile litríochta Gaeilge, agus chuir muid suimeanna éagsúla maoinithe ar fáil trí urraíocht do mhíreanna Gaeilge a bhain le Fhleadh Cheoil na hÉireann agus roinnt feilte eile, cuir i gcás an Fhéile Náisiúnta Drámaíochta agus an Fhéile Phan-Cheilteach, le go mbeadh an Ghaeilge infheicthe ag mórphobal na tíre. Déanann muid urraíocht fosta ar Ghaelspraoi mar chuid den St. Patrick’s Festival.

Is é an infheistíocht is mó sna healaíona a dhéanann Foras na Gaeilge ná an deontas bliantúil a chuirfimid ar fáil d’Oireachtas na Gaeilge le haghaidh Oireachtas na Samhna. In 2017, chuir muid deontais bliantúil de €85,000 ar fáil don fhéile ealaíon Gaeilge seo. In 2017 chuir muid €25,000 ar fáil do na gradaim liteartha atá faoi chúram Oireachtas na Gaeilge. Ar ndóigh, cuireann Foras na Gaeilge maoiniú ar fáil dár gcomhghleacaithe i bhFíbín fosta le tacú leis an chlár iontach imeachtaí ar chuala muid trácht air ar ball, go háirithe i dtaca leis an aos óg. Bhí muid ábalta €26,000 a chur ar fáil d'Fhíbín in 2017.

Ar deireadh, is mian liom cúpla focal a rá i leith an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Aithníonn straitéis 20 bliain an Rialtais don Ghaeilge an tábhacht a bhaineann leis na healaíona d’fhorbairt leanúnach na teanga. Tá trí bhunchloch pleanála teanga luaite sa Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge mar atá, is iad sin limistéir phleanála teanga, bailte seirbhíse Gaeltachta, agus líonraí Gaeilge. Tá sraith eile pleanála teanga ag Foras na Gaeilge féin mar atá an scéim pobail Ghaeilge. Le scéim Fhoras na Gaeilge cuirtear maoiniú ar fáil le haghaidh oifigeach forbartha Gaeilge a fhostú sa phobal leis an Ghaeilge a fhorbairt sa cheantar.

Leagann na ceithre cinn sin de struchtúr phleanála teanga an-bhéim ar phleanáil cheantar-bhunaithe. Tríd na struchtúir seo tá iarracht ar bun ar fud an oileáin an Ghaeilge a chaomhnú agus a fhorbairt mar theanga phobail ag líon suntasach daoine le go mbeidh an Ghaeilge in úsáid i ngach gné de shaol an phobail. Tá na healaíona ina ndlúthchuid den phleanáil sin. Tríd an phleanáil teanga sna ceantair phleanála teanga sin, is mian linn a chinntiú go mbeidh an Ghaeilge á úsáid ar bhonn sóisialta, go mbeidh deis ag daoine aithne a chur ar a chéile trí mheán na Gaeilge, agus go mbeidh deis ag daoine sóisialú tríd na healaíona, mar a dhéanann pobal na Bhéarla. Tá sé i gceist sa straitéis 20 bliain go mbeidh na ceantair seo - na limistéir pleanála teanga, na bailte seirbhíse Gaeltachta, na líonra agus scéim pobail Ghaeilge an fhorais - mar phobail ina mbeidh an Ghaeilge á húsáid i ngach réimse den saol ar bhonn laethúil; oideachas, imeachtaí óige-----

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.