Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 May 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)

1:45 pm

Mr. Val Balance:

Tá an méid atá an Comhairle Ealaíon ag déanamh maidir leis na healaíon sna Gaeltachtaí agus i nGaeilge sa pháipéar os comhair an choiste. Níl mé ag iarraidh sin a léamh amach, ach amháin le cur leis go bhfuilimid ag obair le Údarás Craolacháin na hÉireann agus TG4 ar chlár le bheith dírithe ar na healaíon le buiséad €120,000 le €40,000 ag teacht ón gComhairle Ealaíon. Níl sé sin sa pháipéar.

In ionad dul tríd an páipéar go léir, an cuid is mó, tá súil agam, go bhfuil cruinn agus soiléir ó thaobh uimhreacha agus scéimeanna de, ba bhreá liom díriú ar an tagairt déanta sa pháipéar don Stráitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus go háirithe ar an méid atá le rá ag an straitéis faoin straitéis ealaíon lárnach. Mar atá soiléir ón gcur síos ó Ealaín na Gaeltachta agus ó Fhoras na Gaeilge a chuala muid an t-am deireanach, tá neart oibre á dhéanamh ag na heagrais seo ar na healaíona agus torthaí fiúntacha faighte as ucht na hinfheistíochta atá caite i rith na mblianta.

Ag an am céanna, mar is eol don choiste, tá eagras eile nach bhfuil anseo atá ag plé leis na healaíona chomh maith. Sa straitéis atá ag an gComhairle Ealaíon go dtí 2025, b'shin Saothar Ealaíon Iontach a tháirgeadh 2016-2025, aithnítear gur rudaí bunúsacha iad comhpháirtíocht agus comhoibriú sna healaíona. Deir cuspóir 12 mar shampla, comhaontaithe a dhéanamh le húdaráis áitiúla agus comhpháirtithe agus táimid ag déanamh sin le hEalaín na Gaeltachta go háirithe, chomh maith leis na hionaid áitiúla.

Céard is ciall leis seo i gcomhthéacs an chruinnithe anseo inniu? Aithníonn an Chomhairle Ealaíon go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh ealaíontóirí in ann cumarsáid a dhéanamh lena chéile. Is slí beatha aonarach é don chuid is mó. Níl an méid sin ealaíontóirí nach bhfuil ag iarraidh a bheith eolach faoi céard atá á dhéanamh ag ealaíontóirí eile. Sna ealaíona a pléann le damhsa, drámaíocht agus ceol, tá comhoibriú lárnach ar siúl go laethúil.

Ní hamháin chun seó a chur ar stáitse a bhfuil comhoibriú tábhachtach. I straitéis na Comhairle Ealaíon, aithnítear go maith go bhfuil caidreamh idirnáisiúnta riachtanach. Céard atá ar siúl? Cad iad na treochtaí? B'fhéidir níos tábhachtaí ná aon rud eile, cad é an caighdeán? Ce chomh maith is a bhfuil muid? Cén chaoi gur féidir linn a bheith níos fearr?

Tá gach uile ealaíontóir ag iarraidh i gcónaí a bheith níos fearr an t-am ar fad. Níl aon ealaíontóir nach bhfuil ag iarraidh píosa ealaíne níos fearr a dhéanamh. Nuair a thosaíonn Fíbín ar dhráma nua, tá siad ag iarraidh go mbeadh sé níos fearr ná aon cheann déanta go dtí sin. B'shin difríocht na healaíne. Drochsheans gur féidir a rá go raibh aon phíosa ealaíne sa stair foirfe. Drochsheans go raibh aon fíor-ealaíontóir riamh ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh arís.

Tá ealaín na Gaeltachta teoranta do na Gaeltachtaí, de réir mar atá Údarás na Gaeltachta teoranta go reachtúil. Is maith an rud go bhfuil an maoiniú sin le fáil sna Gaeltachtaí. Tá Foras na Gaeilge dírithe ar mhaitheas na teanga, na healaíona san áireamh. Tá cosúlachtaí ansin le heagrais eile, mar shampla, Conradh na Gaeilge. Tá an Amharclann Náisiúnta le drámaíocht. Tá Taibhdhearc na Gaillimhe, agus í 90 bliain d'aois i mbliana, lasmuigh den Ghaeltacht agus maoinithe ag Roinn na Gaeltachta.

Níl aon nasc foirmiúil nó oifigiúil idir, mar shampla, an Taibhdhearc agus aon ghníomhaireacht eile. Nílim a rá go mba cheart go mbeadh nó nach bhfuil an amharclann ag déanamh an-obair le blianta beaga anuas. Aithníonn an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge go bhfuil deis ann seirbhís níos cruinne a thabhairt d'ealaíontóirí agus d'eagrais ealaíne agus ealaíonta. Mar a deir sé, thabharfadh straitéis den sórt sin treoir níos fearr d'obair na gcomhlachtaí éagsúla sa réimse seo, rud as a dtiocfadh caidreamh oibre níos fearr agus trína a gcinnteofaí comhordú níos fearr freisin. Aithníonn sé go bhfuil comhoibriú idir gníomhaireachtaí Stáit thar a bheith tábhachtach nuair atá siad ag iarraidh deis a thabhairt d'ealaíontóirí agus d'eagrais ealaíonta comhoibriú a dhéanamh eatarthu féin le forbairt agus feabhas a chur ar an dea-obair atá siad ag iarraidh a dhéanamh. Táim ag moladh mar sin breathnú arís ar an Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge agus spriocdháta a chur ar thorthaí ar aon chainteanna agus aontú a thiocfaidh as. Go raibh maith agaibh.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.