Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 9 May 2018

Joint Oireachtas Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Na hEalaíona agus an Ghaeilge: Plé (Atógáil)

1:35 pm

Mr. Darach Ó Tuairisc:

Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil leis an gcoiste as an gcuireadh teacht chun cainte anseo inniu agus na healaíona agus an Ghaeilge á phlé. Labhróidh mé ar mo chuid taithí féin sa chomhthéacs sin, agus mé ag obair san earnáil agus ag plé le heagraíochtaí Stáit i leith na n-ealaíon Gaeilge le breis is 20 bliain. Tuigim go bhfuil go leor gnéithe éagsúla ag baint leis an gceist, ach táimse chun díriú go príomha ar mhaoiniú na n-ealaíon Gaeilge agus mo thaithí agus mo thuairímí a roinnt ina leith. Táim ag súil go gcuirfidh sé seo leis an bplé a dhéanfar ar an ábhar sin anseo inniu.

Ní féidir an tábhacht atá leis na healaíona i saol an duine a shéanadh. Baineann sí leis an staid dhaonna féin agus cuireann sí le luach eacnamaíoch, sláinte agus oideachais na sochaí. Dá réir sin, ba chóir go mbeadh teacht ag an bpobal, óg agus sean, ar na healaíona sa saol mórthimpeall orthu. Nuair a chuimhním ar an bhfás as cuimse atá tagtha ar líon na nGaelscoileanna sa tír le blianta anuas, agus ar an 39.8% de dhaonra na tíre a dúirt go raibh Gaeilge acu sa daonáireamh is déanaí, gan áireamh ar an chuid eile de mhuintir na tíre atá báúil don teanga agus a bhfuil spéis acu sna healaíona i gcoitinne, dhéanfainnse an argóint go bhfuil sé de cheart ag gach saoránach sa tír teacht a bheith aige nó aici ar na healaíona Gaeilge. Ní miste a rá gur chóir go mbeadh an t-ábhar ealaíona sin ar chomhchéim leis na healaíona atá ar fáil i mBéarla. Is cúis mhór díomá dom go ndéanann cuid de na heagrais Stáit neamhaird de na healaíona Gaeilge arís agus arís eile.

Bunaíodh an comhlacht drámaíochta Fíbín, a bhfuil mé féin mar stiúrthóir air, in 2003 nuair a chonaic muid go raibh daoine óga na Gaeltachta ag freastal go rialta ar léirithe drámaíochta Béarla i gcathair na Gaillimhe. An t-aon deis a bhí ag daoine óga drámaí Gaeilge a fheiceáil go dtí sin den chuid is mó ná drámaí a bhí curtha ar stáitse i halla na scoile féin. Bhí Fíbín ag iarraidh eispéireas drámaíochta ar leith a chur ar fáil do dhaoine óga, áit a mbeidís in ann dráma Gaeilge ar ardchaighdeán a fheiceáil ar mhórstáitse agus leas á bhaint as teicnicí nuálacha nach mbeadh feicthe acu go dtí sin i gcomhthéacs na Gaeilge, ná fiú i mBéarla i gcuid mhaith cásanna. Is drámaí nuascríofa a bhí agus atá sa chuid is mó de léirithe Fíbín go dtí seo. Tá breis is 40 dráma nua curtha ar stáitse agus tugtha ar chamchuairt againn ó bunaíodh an comhlacht agus muid páirteach i mórfhéilte mórthimpeall na tíre. Go deimhin, tá camchuairteanna idirnáisiúnta curtha i gcrích againn i dtíortha ar nós an Bhreatain Bheag, Albain, an Spáinn, an Bheilg, Stáit Aontaithe Mheiriceá, Ceanada, an tSiombáib agus an tSaimbia. Tá cuirí faighte againn le gairid léirithe a thabhairt chomh fada le Meiriceá Theas agus an tSín. Go dtí seo, tá breis is 150,000 duine tar éis freastal ar léirithe Fíbín. D'éirigh linn an chéad dráma le breis is 25 bliain a chomhléiriú le hAmharclann na Mainistreach agus an chéad dráma Gaeilge a oscailt i Manhattan, Nua Eabhrac ó 1884.

Is dóigh linn go bhfuil éileamh fós ar an ábhar nuálach a chuireann muid ar fáil don lucht féachana. Táimid ar an bhfód le beagnach 15 bliana anois. Táimid fós ar an mbóthar, ach is ar éigean é. Labhróidh mé i gceann tamaill ar na dúshláin is cúis leis sin. Nuair a bunaíodh Fíbín, tuigeadh dúinn nach raibh aon chomhlachtaí drámaíochta ag léiriú drámaí do dhéagóirí go príomha i mBéarla nó i nGaeilge.

Shocraigh muid tabhairt faoi léirithe do dhaoine óga san aoisghrúpa sin roinnt blianta siar, arís léirithe i sainstíl Fíbín a mheallfadh daoine óga i leith dhrámaíocht na Gaeilge. D’éirigh go maith leis na drámaí seo agus bhí tvíteanna de leithéidí: “I didn’t think Irish could be so fun!” á bhfeiceáil againn, rud a léirigh an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag léiriú ealaíne d’ardchaighdeán ar dhaltaí meánscoile, daltaí nach bhfuil sé de thaithí acu ar an nGaeilge go minic ach taobh istigh de bhallaí an tseomra ranga. De bharr easpa maoinithe, áfach, tá deireadh curtha leis na léirithe don aoisghrúpa seo anois.

Agus mórléirithe á gcur ar stáitse ag Fíbín, bhí agus tá an t-ádh linn go bhfuil teacht againn ar líon mór ealaíontóirí, déantasóirí, aisteoirí agus cruthaitheoirí toisc leithéidí Macnas agus Druid a bheith lonnaithe i nGaillimh mar aon le TG4 a bheith ar leac an dorais againn. Cinntíonn sé seo ar fad go bhféadfadh muid ár sprioc a bhaint amach go háitiúil, sé sin, léirithe Gaeilge d’ardchaighdeán a chur ar stáitse do dhaoine óga i nGaeilge. Tá pobal láidir ealaíona i gcathair na Gaillimhe toisc mórchomhlachtaí drámaíochta a bheith lonnaithe ann mar a dúirt mé. Níl aon dabht ann ach go bhféadfaí leas a bhaint astu seo agus na healaíontóirí eile mórthimpeall na tíre chun ábhar ealaíne den chéad scoth a chur ar fáil i nGaeilge agus infreastruchtúr láidir a chruthú san earnáil seo, dá réir, ach an maoiniú ceart a bheith ar fáil.

Tugann sé sin ar aghaidh mé chuig cuid de na dúshláin a fheictear dom atá romhainn agus roimh na healaíona Gaeilge i gcoitinne. Níl aon dabht ach go bhfuil easpa maoinithe ar na healaíona Gaeilge. Cé go bhfuil foinsí airgid ar fáil d’ealaíontóirí na Gaeilge trí Fhoras na Gaeilge, trí Ealaíon na Gaeltachta mar fho-chomhlacht de chuid Údarás na Gaeltachta agus trí na comhairlí contae agus araile, is pota srianta maoinithe atá i gceist leo seo ar fad agus go minic ní hiad na healaíona an príomhchúram atá orthu.

Tá an Chomhairle Ealaíon freagrach as maoiniú agus as cur chun cinn na n-ealaíon i gcoitinne sa tír. Tá neamhaird á dhéanamh aige, áfach, ar na healaíona Gaeilge. I 2017, mar shampla, de réir na bhfigiúirí atá ar fáil ar líne, chaith an Chomhairle Ealaíon 0.8% den bhuiséad ar na healaíona Gaeilge, i bhfocail eile, as buiséad de €65.1 milliún, caitheadh €568,000 ar na healaíona Gaeilge ar fad. Tá an maoiniú a chuirtear ar fáil d’Ealaíon na Gaeltachta san áireamh sa bhfigiúr sin.

Sa mbliain chéanna, tugadh beagnach seacht n-oiread níos mó maoinithe do chúrsaí opera in Éirinn ná mar a tugadh do na healaíona Gaeilge ar fad. Is cinnte gur iontach an rud opera a bheith á spreagadh sa tír seo, ach an bhféadfaí a rá go bhfuil traidisiún opera againn, nó pobal leathan opera le freastal air? Mar a dúirt mé níos luaithe, nuair a chuimhnítear ar an bhfás as cuimse atá tagtha ar líon na nGaelscoileanna sa tír le tamall de bhlianta anuas agus líon na ndaoine a dúirt go raibh Gaeilge acu sa daonáireamh is deireanaí, maraon leis an gcuid eile de mhuintir na tíre atá báúil don teanga agus a bhfuil spéis acu sna healaíona i gcoitinne, an féidir a rá go bhfuil freastal mar is ceart á dhéanamh orthu nó an bhfuil an pobal tábhachtach seo á shásamh ó thaobh na healaíona de? Arís, mar sin féin i 2018, as buiséad de €28.4 milliún de chuid maoiniú straitéiseach na comhairle cuireadh níos lú ná €173,000 nó 0.6% ar fáil do na healaíona ar fad Ghaeilge.

Tús le structúr nua maoinithe an Comhairle Ealaíon atá sa maoiniú straitéiseach. Mar a dúirt stiúrthóir na comhairle ina leith: “This is the first year of our new funding framework, which by its rigour and strategic focus we believe will help shape and develop the arts in Ireland for many years to come”. An féidir a rá go bhfeictear ról ag na healaíona Gaeilge sa bhfís seo má tá 0.6% den mhaoiniú iomlán déanta orthu? Cén fáth a bhfuil siad á bhfágáil in áit na leathphingine arís?

Ní hamháin sin ach tá easpa tuisceana ar na healaíona Gaeilge léirithe ag na príomheagrais Stáit atá freagrach as na healaíona i gcoitinne sa tír. Fiú ar bhunús praiticiúila mar shampla, go dtí seo má dhéantar iarratas trí mheán na Gaeilge ar an gComhairle Ealaíon, déantar aistriúchán ar an iarratas sin, ní bhíonn an bunleagan Gaeilge ar fáil don phainéal moltóirí agus ní dhéantar aon aistriúchán ar an ábhar tacaíochta, rud a chiallaíonn go bhfuil an t-iarrthóir Gaeilge faoi mhíbhuntáiste mór de bharr an rogha teanga atá déanta aige nó aici.

Tá easpa infreastruchtúr mar thoradh ar an easpa maoinithe ar na healaíona Gaeilge. Nuair atá easpa comhlachtaí proifisiúnta ann i gcomhthéacs na drámaíochta, mar shampla, ciallaíonn sé go bhfuil easpa scríbhneoirí agus stiúrthóirí ann agus go bhfuil sé de dhúshlán aisteoirí maithe le Gaeilge a aimsiú. Is deacair chomh maith lucht féachana Gaeilge a fhorbairt nuair nach bhfuil teacht sách rialta ag an bpobal ar ábhar proifisiúnta i nGaeilge. Mar shampla, de réir playography na hÉireann scríobhadh 86 dráma nua in Éirinn sa tréimhse 2016 go 2017. Astu sin bhí trí dhráma nuascríofa Gaeilge ann. Rinne meánscoil coimisiúiniú ar dhráma amháin agus rinne Fíbín coimisiúniú ar an dhá dhráma eile acu. Ar ndóigh, baineann costas ollmhór le comhlacht drámaíochta proifisiúnta a rith ó lá go lá agus ní mór maoiniú mar is ceart a dhéanamh chun na polasaí cuí a chur i bhfeidhm chun comhlachtaí a spreagadh le léiriúcháin d’ardchaighdeáin a chruthú agus a chur ar bun.

Mar aon le daoine eile san earnáil seo, tá an chuid is mó de mo shaol caite agam, ar bhealach amháin nó ar bhealach eile, i mbun na n-ealaíon Gaeilge. Tá mé paiseanta ina leith agus creidim go láidir go mbaineann luach ar leith leo. Níl sé éasca an misneach a choineáil i gconaí mar sin féin. Tá an baol ann i gcónaí go nglacfaidh níos mó comhlachtaí ealaíne a bhíonn ag feidhmiú go hiomlán i nGaeilge polasaí dhátheangach orthu féin nó ábhar Béarla amháin a chur ar fáil toisc an easpa tacaíochta a bheith ar fáil dóibh. Ar ndóigh, ní féidir an milleán a chur orthu nuair is furasta i bhfad maoiniú a fháil, ealaíontóirí a aimsiú agus aitheantas a thuilleadh trí mheán an Bhéarla.

Ar ndóigh, níl aon réiteach amháin ar an scéal seo, ach tús maith a bheadh ann, dar liom, maoiniú mar is ceart a dhéanamh ar na healaíona Gaeilge agus ealaíontóirí, scríbhneoirí, léiritheoirí, aisteoirí agus déantasóirí le Gaeilge a mhealladh ar ais i dtreo na healaíon Gaeilge. Ní miste a lua go gcuireann an Chomhairle Ealaíon tionscnaimh mhaoinithe luachmhara chun cinn go minic. I 2011, mar a luaigh mé níos luaithe, leagadh amach polasaí nua chun opera na hÉireann a chothú, a fhorbairt agus a chur chun cinn. Mar thoradh air sin, tháinig méadú ar an maoiniú a rinneadh ar opera le tamall de bhlianta suas go €4.85 milliún i 2018, rud a chothóidh borradh agus fás faoin ngné thábhachtach seo de na n-ealaíon. An bhféadfaí polasaí den chineál céanna a chur chun cinn i gcás na nealaíon Gaeilge? I 2013 cuireadh grúpa oibre le chéile chun na healaíona Gaeilge agus na Gaeltachta a phlé, mar thoradh ar riachtanais Straitéis 20 Bliain don Ghaeilge. Ní heol dom go bhfuil aon toradh air seo go fóill, áfach.

Níl sé de chead ag aon bhall Rialtais brú a chur ar an gComhairle Ealaíon maoiniú a chur ar fáil d’aon eagras nó ealaíontóirí ar leith. Aontaím go hiomlán leis seo. Moladh amháin a bheadh agam, áfach, ná go gcuirfí €3 mhilliún ar fáil d’eagraíocht ar nós Ealaíon na Gaeltachta nó Foras na Gaeilge, mar shampla, a bhfuil tuiscint acu agus atá tiomanta i dtreo na healaíona Gaeilge. Chuirfeadh maoiniú ceart deiseanna luachmhara agus cinnteacht ar fáil dóibh siúd ar mian leo a bheith ag plé go príomha leis na healaíona Gaeilge ach nach bhfuil sé mar rogha acu i láthair na huaire. Cinnteodh pobal láidir den chineál seo infreastruchtúr láidir agus níos tábhachtaí fós todhchaí láidir do ghné shaibhir agus luachmhar d’fhéiniúlacht na n-Éireannach. Tá scéal ar leith le hinsint againn trí na healaíona Gaeilge ach tá tost á chur lenár nguth i láthair na huaire.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.