Oireachtas Joint and Select Committees
Wednesday, 28 March 2018
Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs
Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)
1:30 pm
Joe McHugh (Donegal, Fine Gael) | Oireachtas source
An chéad mhíbhuntáiste a ritheann liom ná nach bheinn in ann suí síos le mo chomhghleacaí sa Tuaisceart. Tá dualgas mór ar Fhoras na Gaeilge maidir leis na líonraí a chur i bhfeidhm. Tá freagracht mhór ar an bhforas maidir leis na bailte seirbhíse Gaeltachta, ar nós Daingean Uí Chúis, cathair na Gaillimhe agus Leitir Ceanainn. Tá muidne ag obair go cóngarach le Foras na Gaeilge. B'fhéidir go mbeidh tuilleadh airgid agam amach anseo. Tá dualgas ar Rialtas na hÉireann suas le €65 milliún a sholáthar.
Tá sin bunaithe ar fhigiúirí ó 2016. B'fhéidir go raibh an Cathaoirleach istigh san fhoirgneamh sa chathair seo, Baile Átha Cliath. An raibh sé istigh san fhoirngeamh úr?
No comments