Oireachtas Joint and Select Committees

Wednesday, 28 March 2018

Select Committee on Arts, Heritage, Regional, Rural and Gaeltacht Affairs

Estimates for Public Services 2018
Vote 33 - Culture, Heritage and the Gaeltacht (Revised)

1:30 pm

Photo of Peadar TóibínPeadar Tóibín (Meath West, Sinn Fein) | Oireachtas source

Tá fadhb mhór ann i dtaobh Foras na Gaeilge. Tá an chomhréir idir an Tuaisceart agus an Deisceart faoi ghlas de réir téarmaí Chomhaontú Aoine an Chéasta. Molaim don Rialtas roinnt dualgas a thógaint ón bhforas agus iad a thabhairt don Roinn. Bheadh an Rialtas in ann níos mó airgid a chur ar fáil chun na dualgais sin a mhaoiniú sa Roinn agus bheadh lucht Fhoras na Gaeilge in ann níos mó a dhéanamh laistigh den bhuiséad uafásach beag atá acu faoi láthair. Ós rud é nach féidir linn níos mó airgid a chur isteach san fhoras, b'fhéidir gur cheart dúinn cuid de na dualgais atá ar lucht an fhorais a bhaint uathu. Dá mbeadh na dualgais sin á gcomhlíonadh sa Roinn, bheadh an Rialtas in ann breis airgid a chur ar fáil dóibh. Tá na heagraíochtaí ag streachailt mar gheall ar an airgead atá acu. Cad a cheapann an tAire Stáit faoin smaoineamh sin?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.