Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:25 pm

Photo of Aindrias MoynihanAindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Tá ceist agam maidir leis an gcúlú sna scéimeanna éagsúla. Ba mhaith liom tuairim a fháil ar cé chomh forleathan is a bhraitheann na finnéithe go bhfuil sé sin ag tarlú mar thug na finnéithe cúpla sampla ansin i nDún Laoghaire agus do luaigh na finnéithe cúpla ceann eile. An bhfuil aon tuairim acu cé chomh forleathan is atá sé? B'fhéidir 90% de na scéimeanna a thagann chucu den dara huair, an bhfuil siad tar éis cúlú a dhéanamh, de réir acmhainní a cuireadh isteach ann nó ar shlite eile an bhfuil siad tar éis cúlaithe nó an bhfuil siad sa mhionlach, 30% nó 40% díobh?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.