Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:25 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Shamhlóinn go raibh siad sa lár, sa chuid is mó de na heagraíochtaí. Cuid acu, ní ag plé le cúrsaí Gaeilge amháin a bhíodh siad, ach ag plé le cúrsaí ó thaobh rialachais agus corparáideachas, seachas cúrsaí Gaeilge amháin. B'fhéidir go bhfuil an coiste ag súil le taithí an Uasail Uí Choisdealbha chun tuilleadh plé air sin ach níl Gaeilge ag chuile oifigeach Gaeilge, ach an oiread. Is é sin ceann de na fadhbanna.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.