Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

4:15 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Is ceart go mbeadh sé seo ag tarlú ag chuile ghrád i ndáiríre. Feictear domsa, nuair a bhímid ag déanamh gearán a fhiosrú nó ag déanamh monatóireacht ar an Acht, go minic má bhíonn duine atá báúil leis an nGaeilge, nó duine le Gaeilge i gceannas ar an eagraíocht sin, is ansin a dhéantar dul chun cinn go minic. An moladh a bheadh agamsa ná go dtarlódh sé ar chuile ghrád ach go n-iarrfaí go sonrach ar dhaoine a bhfuil teagmháil acu leis an bpobal. Táimid anseo chun labhairt faoi éascaíocht a dhéanamh do dhaoine chun seirbhísí a fháil trí Ghaeilge, go mbeadh sé níos éasca don phobal seirbhísí a fháil trí Ghaeilge ón Stát ná mar atá faoi láthair agus má théann duine isteach ag oifig Stáit go bhféadfaí a bheith cinnte ina dhiaidh sin siúd go mbeidh duine éigin le Gaeilge chun fáilte a chur roimh an duine sin de dheasca eolais ag na hionaid éagsúla in eagraíocht atá ag déileáil leis an bpobal. Is é sin an áit go mba cheart do na daoine a bheith. Ba cheart an earcaíocht sin a thosú i gceart, chomh sciobtha agus is féidir. Tá a fhios againn go bhfuil fadhbanna faoi láthair ó thaobh na hearcaíochta sin. Tá a fhios againn éinne a bhfuil ag iarraidh daoine a earcú le Gaeilge, go mbíonn moill go minic daoine a fháil. Caithfear dul i ngleic leis sin. D’fhéadfaí breathnú ar shampla ar bhealaí eile chun fógraíocht a dhéanamh ar na poist sin, b'fhéidir chun iad a fhógairt go háitiúil go minic, seachas iad a fhógairt go náisiúnta. Mar shampla, dá mbeadh oifigeach feidhmiúcháin ag teacht isteach i m'oifig siúd, nó oifigeach cléireachais nó aon oifigeach, is é a tharlódh go ginearálta ná go mbeadh liosta ag an tSeirbhís um Cheapacháin Phoiblí d'oifigigh cléireachais nó d'oifigigh feidhmiúcháin. Bheadh daoine tar éis a chur isteach orthu go náisiúnta, is gan a fhios acu cén post a bheadh in ann dóibh, agus go dtabharfaí duine ón liosta sin domsa i m'eagraíocht nó i pé eagraíocht. D'fhéadfaí a leithéidí sin a fhógairt go háitiúil, mar shampla, go mbeimis ag lorg daoine le Gaeilge le hobair in Oifig an Choimisinéara Teanga, in Údarás na Gaeltachta, i bhForas na Gaeilge nó in aon eagraíocht eile. Chuideodh sé sin le daoine, go dtuigfidís céard iad na poist atá ann dóibh agus go bhféadfaidís teacht timpeall orthu ar an mbealach sin. Ba cheart go dtarlódh sé ar chuile ghrád agus ba cheart go dtarlódh sé sa tseirbhís phoiblí agus sa státchóras. Is léir gur b'shin an áit a bhfuil an fhadhb. Táim ag ceapadh go dtuigeann gach duine é sin gurb iad cúrsaí earcaíochta croí na ceiste i ndáiríre. Bhí scéal ansin go raibh 59 post as beagnach 50,000 post sa státchóras a bhí aitheanta mar phoist le riachtanais Ghaeilge. Is léir go bhfuil teipthe ar an gcóras sin faoi shainaithint post. Is é an earcaíocht an bealach le dul i ngleic leis sin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.