Oireachtas Joint and Select Committees
Tuesday, 20 March 2018
Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands
Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)
4:15 pm
Aindrias Moynihan (Cork North West, Fianna Fail) | Oireachtas source
An féidir linn dul i dtreo difriúil, más é bhur dtoil é? Is é an chéad rud mar gheall ar an earcaíocht, agus an 20%, agus an cheist mar gheall cé acu a mbeidh sé dírithe. An mbeadh sé dírithe ar na daoine ar an frontline ag plé go laethúil le muintir na Gaeilge nó an mbeadh sé scaipthe go forleathan sna gráid éagsúla ar fad? An bhfuil tuairim agaibh féin mar gheall air sin? Cé acu a bheadh níos oiriúnaí nó cén moladh mar gheall ar an tslí a bheadh an 20% ag cur béim faoi leith ar aon ghrád amháin, nó a leagan ar aon ghráid faoi leith agus cén t-amchlár atá ann chuige sin? B'fhearr linn go léir go mbeadh sé láithreach ann ach is í an cheist cé chomh praiticiúil is atá sé, má tá tuairim agaibh air sin. Fanfaimid leis sin mar gheall ar chúlra na bpleananna ansin.
No comments