Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:25 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

An fáth a ndeachaigh muid síos bóthar an chúitimh seachas bóthar na bhfíneálacha ná is é an costas céanna ar an eagraíocht é. Ach an smaoineamh a bhí ann ná go mbeadh go leor a scríobhfadh litir i nGaeilge, mar shampla, ag súil le freagra i mBéarla, dá gceapfaidís go bhfaighidís €10 nó €20 go bog as an Stát as. Má tá fíneáil i gceist ciallaíonn sé sin nach dtiocfaidh sé ag an té a ndéanfar an éagóir air nó uirthi. Is é an trua nár feidhmíodh é riamh é, ach dá bhfeidhmeofaí, cheap mé féin go mbeadh an cúiteamh níos fearr ná an fhíneáil, mar bheadh spreagadh ann do dhaoine an tseirbhís a lorg i nGaeilge agus bheadh win win situation. Gheobhaidís an tseirbhís i nGaeilge atá uathu, agus mura bhfaighidís i nGaeilge: lolly. Bheadh go leor daoine ag éileamh seirbhís i nGaeilge ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.