Oireachtas Joint and Select Committees

Tuesday, 20 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Scéim Ghinearálta Bhille na dTeangacha Oifigiúla (Leasú) 2017: Plé (Atógáil)

5:25 pm

Mr. Rónán Ó Domhnaill:

Má chuidíonn sé le comhlachtaí poiblí a n-aigne a dhíriú ar mholtaí atá déanta in imscrúduithe, cuideodh sé leis sin. Faoi láthair, don chuid is mó, cuirtear cuid mhaith de na moltaí a dhéantar i bhfeidhm, ach nuair nach gcuirtear, an t-aon áit atá le dul ansin ná Tithe an Oireachtais. Tá súil agam, ar aon nós, go gcuideodh sé liom cur ina luí ar dhaoine go bhfuil an dualgas seo orthu na moltaí a chur i bhfeidhm agus go bhfuil an chumhacht sin ann fíneáil a ghearradh. Go minic, feictear domsa, ní hé an tuairisc chuig Tithe an Oireachtais a théann i bhfeidhm ar dhaoine, ach an baol go bhféadfadh sé sin tarlú. Dá mbeadh an baol ann go bhféadfaí fíneáil a ghearradh seachas an fhíneáil féin, is cuidiú a bheadh ansin.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.