Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Mr. Ciarán Ó Flaithearta:

Ceapaim gur rud iontach é go bhfuil na scoláireachtaí ann agus go bhfuil daoine ag teacht amach le Gaeilge ón scéim seo. Ar an taobh eile, b'fhéidir go bhfuil an Ghaeilge imithe níos measa sna scoileanna dá bharr. Má tá daoine ag teacht isteach le fíorbheagán Gaeilge, an mbeidh na daoine as na hoileáin ag dul siar ag labhairt níos mó Béarla leo mar gheall nach bhfuil an Ghaeilge acu? Mar gheall ar sin, b'fhéidir nach bhfuil na daoine atá tagtha ag réiteach a gcuid Gaeilge agus b'fhéidir nach bhfuil an Ghaeilge atá againn féin ag éirí níos fearr. Is deis iontach le Gaeilge a fhoghlaim ag na daoine atá ag teacht isteach, ach caithfidh na daoine as an oileán iarracht a dhéanamh níos mó Gaeilge a labhairt seachas casadh ar an mBéarla.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.