Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Photo of Éamon Ó CuívÉamon Ó Cuív (Galway West, Fianna Fail) | Oireachtas source

Ba mhaith liom rud amháin a rá ag an tús. Bhí an t-ádh liom go ndearnadh cinnte de go raibh an Ghaeilge agam agus mé ag fás aníos. B'fhéidir go gceapann daoine go dtagaim ón iarthar, ach tógadh mé i mBaile Átha Cliath, aisteach go leor. Is buntáiste mór é bheith dátheangach le Gaeilge agus Béarla. Tuigfidh na hógánaigh amach anseo sa saol nach bhfuil aon mhíbhuntáiste ag baint leis. Is cuma cá mbeidh siad ag obair in aon áit ar domhan, nó céard a bheidh á dhéanamh acu, feicfidh siad gur bronntanas iontach a bhí ann gur tugadh an deis dóibh an Ghaeilge a thabhairt leo.

Bhí mé ag éisteacht leis an mhéid a bhí le rá ag na finnéithe faoin mbrú atá ann dul chuig an tríú leibhéal. Creidim an-mhór gur cheart do dhaoine an rud atá ina gcroíthe a dhéanamh - más printíseacht é nó rud ar bith - fad is gur rud stuama é. Sílim gur cheart do chuile dhuine óg á croí a leanúint agus gan a bheith faoi bhrú rud áirithe nó rud eile a dhéanamh. Ba cheart dóibh an rud a theastaíonn uathu a dhéanamh. Ní gach rud é dul chuig an ollscoil.

Bhí sé thar a bheith spéisiúil nuair a labhair na daltaí faoi na roghanna, nó an easpa roghanna, atá acu i dtaobh fanacht ar an oileán nó imeacht ón oileán. Creidim nach dochar ar bith é do dhaoine óga dul as baile. Baineann sé sin le muintir Bhaile Átha Cliath freisin. Is maith an rud é cónaí as baile ar feadh scaitheamh i rith laethanta an óige. Tugann sé léargas ar an saol agus neamhspleáchas, b'fhéidir, dóibh siúd a dhéanann é. Ag am éigin, tagann fonn ar go leor daoine filleadh abhaile nó bogadh go dtí cibé áit a dteastaíonn uathu a bheith. Creidim go bhfuilimid ag tús ré réabhlóideach. Ní fheicim daoine thíos i Sráid Uí Chonaill le gunnaí, ach tá réabhlóideach istigh sa snáithín optach. Tá a fhios ag na scoláirí céard é an snáithín optach nó fibre optic. Is é an píosa cábla sin a chiallaíonn gur mar a chéile é bheith in Inis Oírr, Inis Meáin, Inis Mór, Domhnach Míde nó Nua-Eabhrac, ó thaobh cumarsáid leis an domhan, atá i gceist agam. Má táthar in ann píosa snáithin optach a chur trasna an Atlantaigh, táthar in ann é a chur go hÁrainn. Tá leictreachas ag dul go hÁrainn i gcábla. Shamhlóinn go dtarlóidh an saol seo amach anseo. Beidh go leor daoine i bpoist d'ardchaighdeán, le saothar airgid mór, a chaithfidh lá nó dhá lá sa tseachtain, nó b'fhéidir lá sa choicís, istigh sa bhaile mór, ach a bheidh ina maireachtáil in áit i bhfad níos deise ná sin.

Is cuimhin liom lá amháin bhí mé amuigh ar oileán - ní ceann de na hOileáin Árainn a bhí ann, ach oileán eile amach ó chósta an Chlocháin - agus ag obair liom. Nuair a bhí mé ag breathnú amach ar an bhfarraige, sheol mé teachtaireacht le pictiúr suas go Baile Átha Cliath agus dúirt mé "nach breá an áit í seo a bheith ag obair". Má tá an toil againn mar pholaiteoirí, creidim gur féidir linn déanamh cinnte go bhfuil roghanna i bhfad níos fearr i gceist ná na roghanna a fheiceann an t-aos óig anois. Is féidir linn a chinntiú go bhfuil daoine in ann bheith ina gcónaí ar Inis Oírr, Inis Meáin, Inis Mór, agus cúpla lá a dhéanamh ar an mórthír agus oibriú ón mbaile an chuid eile den am. Mar sin, ní cheart go mbeadh chuile duine óg ag ceapadh "má fhanaim ar an oileán, is iascaireacht, turasóireacht agus feiliméireacht a bheidh amach romham".

Go deimhin féin, bhí mé ag smaoineamh ar an gceist seo ar ball beag. Chas na finnéithe le muintir Rannóg an Aistriúcháin anseo. I ndáiríre, níl aon chúis go bhfuil siad anseo i dTeach Laighean. Níl aon chúis nach fhéadfadh Rannóg an Aistriúcháin a bheith thiar sna hoileáin. Ag deireadh an lae, ní bhíonn na haistritheoirí istigh i Seomra na Dála. Bíonn siad ag breathnú ar an scáileán agus déanann siad an t-aistriú ó cibé cén áit atá siad. Tá an rud céanna i gceist leis an gclóscríobh ar an mhéid a deirtear anseo. Is cuma cá ndéantar é mar tagann sé síos go leictreonach. B'fhéidir gur cheart dúinn Rannóg an Aistriúcháin a aistriú go dtí ceann de na hoileáin. Nuair a cuireadh an tAcht Teanga le chéile, bhí sé i gceist go mbeadh go leor den aistriú á dhéanamh ag baile ag daoine, nó i láithreacha oibre in áiteanna ar nós na hoileáin.

Ba mhaith liom ceist dhíreach chur ag an deireadh. Ar mhaith leis na finnéithe go mbeadh tuilleadh scoláireachtaí agus tuilleadh scoláirí sna scoileanna ar na hoileáin? Ba mhaith liom freagra ó na daoine atá ar na hoileáin ar scoláireachtaí agus ó na hoileánaigh. Ar mhaith leo go gcuirfí tuilleadh scoláireachtaí ar fáil ionas go mbeidh tuilleadh daoine sna scoileanna oileánda? Maidir le muintir Ghaelcholáiste Reachrann i nDomhnach Míde, ar mhaith leo dul go dtí na hoileáin ar feadh bliain nó dhó mar scoláirí ar scoláireachtaí?

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.