Oireachtas Joint and Select Committees

Thursday, 8 March 2018

Joint Standing Committee on the Irish Language, the Gaeltacht and the Islands

Ceisteanna Óige: Díospóireacht

3:00 pm

Photo of Rónán MullenRónán Mullen (Independent) | Oireachtas source

Ba bhreá liom a chur in iúl an ríméad atá orm, dáiríre, a bheith ag éisteacht leis na bhfinnéithe agus an méid atá ráite acu inniu. Go pointe áirithe, beidh mé ag rá roinnt rudaí a dúirt an Teachta Tóibín. Bhí mé an-tógtha agus guím Lá Idirnaisiúnta na mBan sona air na finnéithe uilig, mná óga Gaelacha na hÉireann agus na fir freisin mar tá gá le solidarity idir an dá ghnéis. Is lá dúinn ar fad Lá Idirnaisiúnta na mBan chun dínit agus tábhacht na mban inár sochaí a chéiliúradh. Is deas a fheiscint go bhfuil tromlach na mná anseo inniu, bíodh nach bhfuil tromlach - buíochas le Dia go bhfuil ár gCathaoirleach ann inniu - ó thaobh na Baill Oireachtais de.

Bhí mé an-tógtha le cé chomh cuimsitheach agus a bhí an léirmheas a thug na finnéithe dúinn. Ar an gcomhthéacs ina bhfuil siad ag feidhmiú, mar dhaltaí, mar mhic léinn agus an súil ar an tsochaí atá acu. Bhí mé an-tógtha leis an méid a dúireadh faoi shaol an choláiste agus bhí mé an-tógtha leis nach amháin ar an saol acadúil sa choláiste a bhí na finnéithe ag caint ach ar na deiseanna idirphearsanta a fhaigheann duine sa choláiste. Is cuimhin liom, nuair a chuaigh mé go dtí an choláiste ní raibh tuairim agam faoi chéard a bheadh i ndán dom amach anseo. Chaith mé dhá bhliain ag an gcoláiste. Bhí mé thar a bheith uaigneach. Thóg sé dhá bhliain dom socrú síos.

Comments

No comments

Log in or join to post a public comment.